CIC Logo

Seoladh albam nua le Brian Hughes ag ceiliúradh 20 bliain

Brian Hughes to release 20-year anniversary album Thursday, 05th October, 2017

Is é This Day 20 Years an t-albam nua iontach le Brian Hughes agus tá sé ar fáil anois ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus is gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí ceoil ar fud na tíre. 

Tugthar aitheantas go forleathan do Bhrian Hughes ar dhuine de na seinnteoirí is fearr ar an bhfeadóg stáin as glúin ceoltóirí agus tá raon ceoil ar an bhfeadóg stáin taifeadtha aige agus eisithe ar dhlúthdhioscaí éasgsúla. Tá scoth na dtraiceanna ó chúig albam a d'eisigh sé le fiche bliain anuas tugtha le chéile ar an albam seo agus níl aon dabht ach gur albam den chéad scoth atá ann. 

Seolfar an t-albam nua i Leabharlann Bhaile Átha Í ar an Satharn, 14 Deireadh Fómhair ag a 8.00 i.n. agus tá fáilte roimh chách bualadh isteach d'oíche ceoil agus siamsaíochta. 

I dteannta Bhrian Hughes ar an oíche, beidh Seán McElwain ón mbanna ceoil Téada agus Colm Phelan ón mbanna Goitse agus beidh ceoltóirí áitiúla sa gcomhluadar freisin agus ag casadh ceoil chomh maith. 

Má tá tú thart ar Bhaile Átha Í ar an 14ú, bí cinnte agus buail isteach ag an seoladh d'oíche ceoil agus siamsaíochta. 


This Day 20 Years
This Day 20 Years

Is é This Day 20 Years an t-albam nua iontach le Brian Hughes agus tá sé ar fáil anois ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus is gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí ceoil ar...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
The Beat of the Breath
The Beat of the Breath

Tá Brian Hughes ar dhuine de na ceoltóirí ar an bhfeadóg stáin is cumasaí de ghlúin an lae inniu. Tógann an t-albam is deireanaí le Brian Hughes ar an mbunchloch láidir a leag sé...

Praghas: €15.01 Ceannaigh ›