CIC Logo

Ceardlanna Chló Iar-Chonnacht glaoch ar iarratais

Cló Iar-Chonnacht writing workshops accepting applications Tuesday, 03rd October, 2017

Ceardlanna Scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

Beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann i mBéal Feirste. Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gceann de na ceardlanna saothar samplach a chuir isteach chugainn. Tá gach eolas maidir le chaon ceardlann thíos agus na sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh. 

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann.

Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tá na ceardlanna seo á n-eagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

Baile Átha Cliath

CEARDLANN NÁISIÚNTA

AN GEARRSCÉAL, AN tÚRSCÉAL AGUS AN SPLANCSCÉAL

Dáta: Dé Sathairn, 21 Deireadh Fómhair 2017

Ionad: Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath

Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí

 

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)  ar nó roimh an 13 Deireadh Fómhair 2017.

 

Béal Feirste 

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus an na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dáta: Dé Sathairn, 18 Samhain 2017

Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)  ar nó roimh an 8 Samhain 2017.

 

 

 


Diabhlaíocht Dé
Diabhlaíocht Dé

"Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann..." Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›
Daoine a Itheann Daoine
Daoine a Itheann Daoine

Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil,...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›