CIC Logo

Suíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta Ghradaim Dhigiteacha OMiG, 2017.

Cló Iar-Chonnacht’s website shortlisted for ‘Best Website’ in the OMiG Digital Awards, 2017 Tuesday, 23rd May, 2017

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil siopa idirlín an chomhlachta ar ghearrliosta Ghradaim Dhigiteacha OMIG 2017 sa chatagóir ‘An Suíomh Idirlín is Fearr’ do chomhlachtaí ina bhfuil níos lú ná deichniúr fostaí. Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag ócáid in Amharclann na Cathrach, Gaillimh ar an Aoine, 26 Bealtaine.

Cuireann Cló Iar-Chonnacht os cionn 2,500 táirge ar fáil tríd an suíomh idirlín, idir leabhar, ríomhleabhar, dlúthdhioscaí agus íoslódálacha digiteacha ceoil. Is í an Ghaeilge an chéad teanga ar an suíomh ach cuireann muid an t-eolas ar fáil i mBéarla freisin den chuid is mó.

Is teach foilsitheoireachta é Cló Iar-Chonnacht agus lipéad ceoil traidisiúnta agus tá muid lonnaithe in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá obair mhór déanta againn le blianta beaga anuas ar an suíomh idirlín agus ar sholáthar táirgí digiteacha agus tá fás tagtha ar líon na ndaoine atá ag ordú leabhar agus ceol ón suíomh idirlín.  

An aidhm atá againn leis an suíomh ná eolas fiúntach a chur ar fáil maidir leis na leabhair agus na halbaim atá á sholáthar againn. Scaipeann muid nuacht maidir le himeachtaí liteartha, leabhair agus ceol nua ar an rannóg nuachta atá ar an suíomh agus trí na meáin shóisialta. Is cúis áthais dúinn an tacaíocht atá faighte againn ón bpobal agus an comhluadar atá tagtha le chéile ar-líne in Éirinn agus ar fud an domhain.  


An Ghaeilge i Maigh Nuad
An Ghaeilge i Maigh Nuad

Déanann an leabhar seo cíoradh agus scagadh ar áit na Gaeilge i gColáiste agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Mhaigh Nuad ó bunaíodh é sa bhliain 1795. Déantar cur síos grinn agus anailís ar...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›
Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising
Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising

Leabhar dátheangach ina bhfuil bunleaganacha na scéalta Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire agus aistriúchán ar an seacht scéal go Béarla le Diarmuid de Faoite. 

Praghas: €20.00 Ceannaigh ›