CIC Logo

Spraoi agus spóirt i gCluain Dolcáin agus SÁRÚ seolta

Clondalkin students on hand to launch SÁRÚ by Anna Heussaff Thursday, 15th March, 2018

Spraoi agus spóirt i gCluain Dolcáin agus SÁRÚ seolta i rith Sheachtain na Gaeilge

Seoladh SÁRÚ, an t-úrscéal is deireanaí do dhaoine óga leis an údar clúiteach Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag ócáid speisialta i gColáiste Chilliain ar an Luan, 12 Márta, 2018.

Chuir daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Chilliain agus ó Ghaelscoil Chluain Dolcáin fáilte mhór roimh Anna agus léigh daltaí ón dá scoil míreanna as SÁRÚ amach os ard mar chuid den ócáid. Is é SÁRÚ an tríú húrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Is féidir radharc a fháil isteach sa leabhar ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus an t-údar a chloisteáil ag léamh an chéad chaibidil ag an nasc seo

Bhí na príomhcharachtair chéanna sna leabhair Vortex (Cois Life, 2006) agus in Hóng (Cló Iar-Chonnacht 2012), a bhuaigh Gradam Speisialta na Moltóirí ó Leabhar Pháistí Éireann in 2013. Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15 bliain. Tá SÁRÚ an-oiriúnach mar ábhar léitheoireachta sa seomra ranga agus tá gluais ag deireadh an scéil. 

Thóg an grianghrafadóir Seán Ó Mainnín rogha pictiúirí áille ag an seoladh agus tá siad le feiceáil ar shuíomh idirlín Tuairisc.ie ag an nasc seo.


Sárú
Sárú

SÁRÚCluiche crua é slánú an domhain …  Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Hóng
Hóng

Buaiteoir Gradam Leabhar Pháistí na hÉireann, Gradam Speisialta na Moltóirí 2013Nuair is cluiche contúirteach é an saol...Úrscéal mistéire agus eachtraíochtado léitheoirí in aois...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›