CIC Logo

Filí pobail ag léamh ag Cúirt

Filíocht ag Féile Cúirt i gConamara Thursday, 05th April, 2018

Beidh na filí Áine Durkin agus Paddy Mhéime Ó Súilleabháin ag léamh i dTigh Pheadair Mhóir ar an Aoine, 27 Aibreán, 2018 ag 8.30 i.n. mar chuid d'imeachtaí na féile Cúirt i mbliana. Tá cead isteach saor in aisce.

As Conamara ó dhúchas, tá Áine Durkin ina cónaí in Inis Eoghain ó 1980. Scríobhann sí filíocht agus amhráin agus is blagálaí í. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a céad leabhar filíochta, Mise Áine: An Bhean Istigh i mí na Nollag, 2017. Bhuaigh a leabhar an chéad duais sa gComórtas do Scríbhneoirí Úra i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2017.

Bhain Áine duais liteartha ag Oireachtas na Samhna 2010 dá blag, 'Mise Áine'. Bhuaigh a hamhrán 'Le Do Thaobh' an Comórtas Amhrán Náisiúnta ag an bhFéile Phan Cheilteach in 2013; agus bhuaigh an t-amhrán 'Féile na Nollag' comórtas amhránaíochta a d'eagraigh Ros na Rún agus Raidió na Gaeltachta. 

Rugadh Paddy Mhéime Ó Súilleabháin i Loch Con Aortha, Conamara agus tá cáil bainte amach ag a chuid dánta agus foilsíodh a chéad leabhair anuraidh Fuaim na Gaoithe Aniar (Coiscéim, 2017) agus bhí a chuid dánta le feiceáil i gcuid mhaith irisí. Tá dírbheathaisnéis a shaol oibre ar fáil sa leabhar Seachrán Deoraí. 

 

 

 


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Seachrán Deoraí
Seachrán Deoraí

Siúlach scéalach atá Paddy Mhéime Ó Súilleabháin. Go gairid tar éis dó an scoil a fhágáil i gConamara, bhí a fhios aige go mbeadh air a sheolta a chrochadh agus obair éicint a chuartú...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›