CIC Logo

GDPR agus Cló Iar-Chonnacht

GDPR and Cló Iar-Chonnacht Thursday, 24th May, 2018

Tá Cló Iar-Chonnacht tiomanta do chomhlíonadh na ndualgas maidir le cosaint sonraí pearsanta mar atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta um Cosaint Sonraí (GDPR). 

Bailíonn Cló Iar-Chonnacht trí chineál eolas pearsanta ar an suíomh idirlín www.cic.ie mar seo a leanas: 

1. Má cheannaíonn tú táirge ón suíomh, bíonn do shonraí pearsanta ag teastáil chun an t-idirbheart sin a phróiseáil. Ní bhaineann muid úsáid as na sonraí sin ach amháin chun d'idirbheart a phróiseáil.

2. Má chláraíonn tú leis an nuachtlitir bíonn d'ainm agus do sheoladh r-phoist ag teastáil don liosta. Ní bhaineann muid úsáid as na sonraí sin ach amháin chun nuachtlitreacha a sheoladh chugat. Is féidir leat do sheoladh r-phoist a bhaint den liosta seo ag am ar bith ach cliceáil ar an nasc 'Bain den Liosta / Unsubscribe' atá ag bun gach teachtaireacht a sheolann muid amach. 

3. Baineann http://www.cic.ie úsáid as fianáin. Séard is fianáin ann ná blúiríní eolais a stóráiltear ar do ríomhaire nó do ghléas soghluaiste a chuireann ar chumas http://www.cic.ie cuimhneadh ar na roghanna a rinne tú nuair a thug tú cuairt ar an suíomh go deireadh. Is féidir diúltú do na fianáin más mian leat. 

Is féidir ár bpolasaí príobháideachais a léamh ag an nasc seo: Polasaí Príobháideachais Cló Iar-Chonnacht.
Tá tuilleadh eolais maidir le GDPR le fáil ar shuíomh idirlín speisialta atá eisithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ag an nasc seo: GDPRandYou.ie.

Má tá aon cheist agat nó aon eolas eile ag teastáil, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)

Míle buíochas
Foireann Chló Iar-Chonnacht