CIC Logo

Cuireadh: Seoladh 'Leabhar Nua na nAmhrán' ag Oireachtas na Samhna

Invitation: Official launch of ‘Leabhar Nua na nAmhrán’ at the Oireachts na Samhna festival Thursday, 26th October, 2017

Seolfaidh Lillis Ó Laoire Leabhar Nua na nAmhrán atá in eagar ag Micheál Ó Conghaile i rith Chasadh an tSúgáin ag Oireachtas na Samhna ar an Aoine, 3 Samhain ag 10.30 i.n. Is í Máirín Uí Chéide a bheidh ina bean an tí agus beidh roinnt de na h-amhránaithe a bhfuil amhráin leo sa leabhar, i láthair ar an oíche chomh maith chun a gcuid amhrán a chasadh. 

Is comórtas tábhachtach do chumadóirí amhrán é Comórtas Cuimhneachán Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin a bhíonn ar siúl ag an Oireachtas chuile bhliain. Comórtas d’amhráin nuachumtha le fonn traidisiúnta e, agus é mar aidhm aige amhránaíocht agus cumadóireacht den chineál seo a chothú trí amhráin nua a chur ar fáil go rialta. 

Suas le céad amhrán atá sa gcnuasach seo, amhráin de chuid na glúine seo a cumadh ó cheann ceann na tíre, go h-áirithe sna Gaeltachtaí, le scór bliain anuas nó mar sin. Is fíorbheagán acu atá i gcló in aon leabhar cheana ná atá taifeadta ar aon dlúthcheirnín. Aidhm an chnuasaigh ná léitheoirí a chur á léamh den chéad uair, foghlaimeoirí a chur á bhfoghlaim agus, níos tábhachtaí fós, amhránaithe a chur á gcanadh is á dtaifeadadh óir is maith is fiú sin mar gheall ar a bhfiúntas, a saibhreas is a gcaighdeán ard cumadóireachta is ceardaíochta. 

Na Cumadóirí 

Ray Mac Mánuis
Aodh Ó Domhnaill
Antaine Ó Faracháin
Fearghas Mac Lochlainn
Joe Ó Dónaill
Louis Mulcahy
Máirín Uí Dhomhnaill
Micheál Ó Domhnaill 
Máirín Mac Donnchadha
Seán Ó Muimhneacháin
Seosamh Mac Donnacha
Traolach Ó Conghaile
Seán Ó Gráinne
Seán Mac Eochagáin
Seán de Búrca
Fiontán Ó Meachair
Pádraic Breathnach
Séamus Ó Fianghusa
Feargal Ó Béarra 


On a Rock in the Middle of the Ocean
On a Rock in the Middle of the Ocean

Cén bhrí atá leis an amhránaíocht? Féachtar leis an cheist sin a fhreagairt i leabhar nua Lillis Uí Laoire, On a Rock in the Middle of the Ocean, a chíorann traidisiún amhránaíochta...

Praghas: €35.00 Ceannaigh ›