CIC Logo

Mise Áine: Seoladh Cnuasach Filíochta le hÁine Durkin

Mise Áine: Launch of Poetry Collection by Áine Durkin Wednesday, 29th November, 2017

Mise Áine: An Bhean Istigh

An chéad chnuasach filíochta le hÁine Durkin

 

Seolfaidh Joe Steve Ó Neachtain an leabhar Mise Áine: An Bhean Istigh le hÁine Durkin i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht maidin Dé hAoine an chéad lá de mhí na Nollag ag 9.00 r.n. mar chuid de cheiliúradh sheoladh an tsiopa nua ar an Spidéal.

 

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis an saothar seo i gComórtas na Scríbhneoirí Úra i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2017.

 

Tá an leabhar seo déanta suas as cuimhní cinn agus smaointe Áine in imeacht na mblianta. Díríonn sí ar eachtraí pearsanta, chomh maith leis an saol i gcoitinne. Tá nádúr an duine agus an dúlra á gcíoradh aici agus, anois is arís, feictear iad fite fuaite le chéile sa mbailiúchán seo.


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›