CIC Logo

Leabhair agus ceol don Vailintín

Music and books for Valentine’s Day Monday, 13th February, 2017

 

Aniar: Véarsaíocht ón traidisiún Gaelach 


Ortha na Seirce

Ortha a chuir Muire in im
Ortha seirce is síorghrá.
Nár stada do cholainn
Ach d'aire a bheith orm,
Go leana do Ghrá mo ghnaoi, 
Mar leanas an bhó an lao,
Ón lá seo go huair mo bháis.
 
Leabhar lándaite, le clúdach crua agus dlúthdhiosca ardchaighdeán léiriúcháin. Véarsaíocht á haithris ag triúr aisteoir. Foilsithe ag Futa Fata.
Laghdaithe ó €25 go €20 do Lá fhéile Vailintín ar CIC.ie 

Tomhais Méid Mo Ghrá Duit


Nuair atá grá mór i do chroí agat do dhuine éigin... 

ba mhaith leat an grá sin a chur in iúl dó. Ach, faoi mar a fhaigheann Giorria Donn Óg agus Giorria Donn Mór amach, is deacair an grá a thomhas! 

 
Laghdaithe ó €7.99 go €6.40 do Lá fhéile Vailintín ar CIC.ie 

 

Póg Mar Seo


Póg bheag is 
póg mhór,
póigín ar nós bzúm bzúm...

Níl aon dá phóg mar a chéile!

Leabhar é seo le pógadh leis an duine is maith leatsa a phógadh! 
 
Laghdaithe ó €7.99 go €6.40 don Vailintín.

 

Filíocht Ghrá na Gaeilge : Love Poems in Irish 


Do chóireann leaba duit 
i Leaba Shíoda 
sa bhféar ard
faoi iomrascáil na gcrann 
is bheadh do chraiceann ann
mar shíoda ar shíoda
sa doircheacht 
am lonnaithe na leamhan.

sliocht as 'Leaba Shíoda' le Nuala Ní Dhomhnaill.
Foilsithe ag Cois Life

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. 
 
Laghdaithe ó €20 go €18 don Vailintín.

 

Amhráin Ghrá


Bailiúchán d'amhránaithe mná é seo atá bunaithe ar cheirníní a d'eisigh Gael Linn idir na 1960í agus na 80í, chomh maith le roinnt traiceanna nár eisíodh cheana.

Faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla grá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá. 

Deis í seo le haoibhneas agsu binneas na n-oirfideach a bhlaiseadh in athuair. 

Laghdaithe ó €15 go €12 don Vailintín.

Plúirín na mBan


Albam de chéad scoth ceoltóirí agus amhránaithe mná na hÉireann atá anseo, le hamhráin nua-aimseartha agur ar an sean-nós air. I measc na n-aíonna tá Mary Black, Dolores Keane, Ann Mulqueen, Eilín Ní Bheaglaoich agus Sinéad Murray. Tá fiche rann in iomlán ar an albam, le hocht n-amhrán as Gaeilge. Ceiliúradh cheol mhná na hÉireann atá ann.

Laghdaithe ó €10 go €8 don Vailintín.

 

 

Tomhais Méid Mo Ghrá Duit
Tomhais Méid Mo Ghrá Duit

Nuair atá grá mór i do chroí agat do dhuine éigin... ba mhaith leat an grá sin a chur in iúl dó. Ach, faoi mar a fhaigheann Giorria Donn Óg agus Giorria Donn Mór amach, is deacair an grá a...

€7.99 Anois: €6.40 Ceannaigh ›
Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish
Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné...

€20.00 Anois: €18.00 Ceannaigh ›