Home Page
Search Site
Home Page
Home Page Leabhair - Books Ce Muid - About UsNuacht - NewsClaraigh - RegisterTeagmhail - ContactCeol - Music
in irish/Gaeilge

News - Nuacht

News - Nuacht

Táirgí Nua / New Products

Learners - Foghlaimeoiri

Register - Claraigh

Book Clubs - Clubanna Leabhar

Gallery - Grianghraif

Register - Claraigh
Leabhar Nua Filíochta / New Poetry Book (Lúnasa / Aug '03)

Fardoras

Michael Davitt

 

ISBN 1 902420 72 1

€10

 

Murach Michael Davitt creidim gur boichte go mór fada a bheadh soláthar na filíochta Gaeilge inniu, ná mar atá.

-         Seán Ó Tuama

 

Is é Fardoras an séú cnuasach filíochta ó Mhichael Davitt.  Cnuasach dúshlánach dánta é seo a thugann athchuairt ar dhúchas Corcaíoch an fhile, dánta ar a bhfuil anáil thréan na spioradáltachta agus dánta a chaitheann súil fhiata ar shochaí chúl-le-cine seo an iar-Thíogair Cheiltigh. 

 

Is fada an t-aistear atá curtha de ag Michael Davitt ó thosaigh sé ag scríobh filíochta agus léiríonn na dánta nua seo aige nach bhfuil aon mheath ag teacht ar a shamhlaíocht fileata ná a chumas chun an Ghaeilge a lúbadh, a fhí agus a aclú de réir mar a éilíonn an t-ábhar.  Má tá idir mhothú domhain, íoróin ghéar, agus díomá faoin bhfuadar atá faoi shaol cultúrtha na hÉireann sna dánta, is fada ón éadóchas iad. I ndán an teidil, Bólas, samhlaíonn sé é féin ina fhear raice ar cuairt, ag cíoradh chósta tréigthe an traidisiúin féachaint an bhfaigheadh ábhar fardorais do dhán. Ach críochnaíonn an dán ar nóta dóchasach nuair a mheabhraíonn fear Bhaile an Sceilg sean-nath dó: ná deighidh éinne riamh go Bólas gan dóchas rud d'fháil ann.

Léitheoirí atá tar éis dul i dtaithí ar an mianach athghabhála agus athnuachana atá i saothar Davitt ó thosaigh sé ag scríobh, ní bheidh aon díomá orthu nuair a osclóidh siad an cnuasach nua seo aige. Seans go mbainfidh a lán dá bhfuil ann preab astu.  

 

Ghnóthaigh Fardoras an duais do chnuasach filíocha i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2002. Kasper Zier, de chuid Angel Design, Áth Cliath, a rinne an dearadh.

 

Michael Davitt

Rugadh Michael Davitt i gCorcaigh i 1950.  Bhunaigh sé an iris filíochta Innti i 1970 i UCC dó.  I measc na mbailiúchán eile filíochta atá foilsithe aige tá; Scuais (1998), An Tost a Scagadh (1993), Bligeard Sráide (1983) agus Gleann ar Ghleann (1981). Bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air i 1994. Tá sé ina bhall de Aosdána.  

 

Tuilleadh Eolais / Ceannaigh an Leabhar

 

____________________________________________________________

 

Fardoras

Michael Davitt

 

ISBN 1 902420 72 1

€10

 

Davitt must be foremost amongst the contemporary Irish language poets...his art at its best is an honest unabridged engagement with felt emotions.

-         The Irish Review.

 

This is the sixth poetry collection from Michael Davitt, whose work has been described by fellow-poet Louis de Paor as a salutary shock to the system.  His highly risky innovation with language and form continues, reaching a climax in the poem Deora do Mheiriceá (Tears for America), a response to September 11th, where the semantic seams of Irish burst open like the doomed Twin Towers.   This collection will leave its readers in little doubt as to why Davitt is considered one of the most important Irish language poets of the past century.

 

Fardoras was awarded the Oireachtas Prize for poetry in 2002.

 

Design is by Kasper Zier of Angel Design, Dublin. 

 

 

Michael Davitt

Michael Davitt was born in Cork in 1950.  He founded the poetry broadsheet and journal Innti while at UCC.  His published works include: Scuais (1998), An Tost a Scagadh (1993), Bligeard Sráide (1983) and Gleann ar Ghleann (1981).  He was awarded the The Butler Prize for Literature by The Irish American Cultural Institute in 1994. He is a member of Aosdána.

 

Further Information / Buy the Book

 

 

 

Home | Book Catalogue | Music Catalogue | About CIC | News | Register | Contact Us | Links | Site Map
© Cló Iar-Chonnachta 2002. Gach ceart ar cosaint. Téarmaí agus Coinníollacha - Terms and Conditions