Home Page
Search Site
Home Page
Home Page Leabhair - Books Ce Muid - About UsNuacht - NewsClaraigh - RegisterTeagmhail - ContactCeol - Music
News - Nuacht

News - Nuacht

Táirgí Nua / New Products

Learners - Foghlaimeoiri

Register - Claraigh

Book Clubs - Clubanna Leabhar

Gallery - Grianghraif

Forum - Fóram

Register - Claraigh
Bóithríní an Locháin Fill ar Chatalóg / Return to Catalogue

Bóithríní an Locháin

Cuir CD sa chiseán
Add CD to basket
  Cuir Caiséad sa chiseán
Add Caiséad to basket
 
Rannóg: SEAN NÓS - CONAMARA / CONNEMARA (Category)
Tagairt:
CICD 154 (Reference)
Praghas:
CD €18.00
Caiséad €8.00
(Price)


Tá a bhranda fuinniúil féin ar a chuid amhrán go léir ag Meaití, ina samhlaím go gcloisim meascán mealltach dá chuid ornáidíochta píobaireachta agus dá mheanma croíúil fonnadóireachta.

                                                                          - Liam Mac Con Iomaire

 

As na hAille i gConamara do Mheaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí a bhfuil aithne go forleathan air i measc lucht an cheoil ar fud na tíre seo agus thar lear.  Is fonnadóir den scoth é.  Thug sé Corn Uí Riada leis i 2001.  Lena chois sin is ceoltóir sciliúil é ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg mhór. 

 

Is é seo an chéad albam aonair ó Mheaití, agus is fada a lucht éisteachta ag fanacht air.  Tá saibhreas amhránaíochta ar an taifeadadh seo nach bhfuil a shárú le fáil, ina measc leaganacha áitiúla de An Bhó Bán agus An Sagart Ó Domhnaill.  Ar ndóigh, tá Bóithríní an Locháin, an t-amhrán is mó a luaitear le Meaití, le cloisteáil ar an albam chomh maith, agus deir sé féin faoin leagan áirithe seo gurb é an ceann is cruinne agus is gaire é den chaoi ar chuir fear a chumta, Pádhraic Learaí Ó Finneadha, é.

 

Tá rian portaireachta béil, mar aon le trí rian ceoil, ar Bóithríní an Locháin; rian amháin ar a gcloisimid ceol bhinn ar an bhfeadóg mhór ó Mheaití agus ó Neansaí Ní Choisdealbha; agus dhá rian eile ceoil le Meaití ar na píobaí i gcomhluadar Neansaí Ní Choisdealbha (feadóg mhór), Aisling Ní Neachtain (cláirseach), Johnny Connolly (mileoidean), Luisne Ní Neachtain (fidil), Micheál Deáirbí Ó Fátharta (mileoidean) agus Tommy Ó Méalóid (bosca).

 

Léigh léirmheas / Read a Review

 

Mattie Jó Shéamuis Ó Fátharta is from Na hAille in Connemara, Co. Galway, and is a well-known and respected figure in music circles throughout this country and further afield.  He is an acclaimed sean-nós singer, and won Corn Uí Riada, the All-Ireland sean-nós competition, in 2001.  He is also a skilled instrumentalist, and plays flute and uilleann pipes. 

 

This long-awaited debut solo album from Mattie contains a wonderful collection of songs, including local versions of An Bhó Bhán and An Sagart Ó Domhnaill.  Of course, it also includes Mattie's signature song Bóithríní an Locháin. 

 

There is one track of lilting on the album and three tracks of music:  a beautiful flute duet with Neansaí Ní Choisdealbha; and two tracks of sets of reels and jigs played by Mattie on uilleann pipes with Neansaí Ní Choisdealbha (flute), Aisling Ní Neachtain (harp), Johnny Connolly (melodeon), Luisne Ní Neachtain (fiddle), Micheál Deáirbí Ó Fátharta (melodeon) and Tommy Ó Méalóid (accordion).

 
 Liosta Traiceanna / Track Listing
1. Baile Uí Lí
2. Lá Fhéile Cáilín Click to listen to sample
3. An Buachaill Caol Ard
4. Ríleanna / Reels
5. Nóirín mo Mhian
6. Amhrán Pheter Mhicil Báille
7. Seicín an Dole
8. Portaireacht / Lilting
9. An Sagart Ó Domhnaill
10. An Deoraí
11. An Fear Ceoil Click to listen to sample
12. Ríleanna / Reels
13. Patrick Sheehan
14. An Bhó Bhán
15. Inis Barr an Chuain
16. Poirt / Jigs
17. Bóithríní an Locháin
Cliceáil anseo chun léirmheas a scríobh ar an táirge seo / Click here to add a review of this product

Home | Book Catalogue | Music Catalogue | About CIC | News | Register | Contact Us | Links | Site Map
© Cló Iar-Chonnachta 2002. Gach ceart ar cosaint. Téarmaí agus Coinníollacha - Terms and Conditions