Tá a bhranda fuinniúil féin ar a chuid amhrán go léir ag Meaití, ina samhlaím go gcloisim meascán mealltach dá chuid ornáidíochta píobaireachta agus dá mheanma croíúil fonnadóireachta.
- Liam Mac Con Iomaire
As na hAille i gConamara do Mheaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí a bhfuil aithne go forleathan air i measc lucht an cheoil ar fud na tíre seo agus thar lear. Is fonnadóir den scoth é. Thug sé Corn Uí Riada leis i 2001. Lena chois sin is ceoltóir sciliúil é ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg mhór.
Is é seo an chéad albam aonair ó Mheaití, agus is fada a lucht éisteachta ag fanacht air. Tá saibhreas amhránaíochta ar an taifeadadh seo nach bhfuil a shárú le fáil, ina measc leaganacha áitiúla de An Bhó Bán agus An Sagart Ó Domhnaill. Ar ndóigh, tá Bóithríní an Locháin, an t-amhrán is mó a luaitear le Meaití, le cloisteáil ar an albam chomh maith, agus deir sé féin faoin leagan áirithe seo gurb é an ceann is cruinne agus is gaire é den chaoi ar chuir fear a chumta, Pádhraic Learaí Ó Finneadha, é.
Tá rian portaireachta béil, mar aon le trí rian ceoil, ar Bóithríní an Locháin; rian amháin ar a gcloisimid ceol bhinn ar an bhfeadóg mhór ó Mheaití agus ó Neansaí Ní Choisdealbha; agus dhá rian eile ceoil le Meaití ar na píobaí i gcomhluadar Neansaí Ní Choisdealbha (feadóg mhór), Aisling Ní Neachtain (cláirseach), Johnny Connolly (mileoidean), Luisne Ní Neachtain (fidil), Micheál Deáirbí Ó Fátharta (mileoidean) agus Tommy Ó Méalóid (bosca).
Léigh léirmheas / Read a Review
Mattie Jó Shéamuis Ó Fátharta is from Na hAille in Connemara, Co. Galway, and is a well-known and respected figure in music circles throughout this country and further afield. He is an acclaimed sean-nós singer, and won Corn Uí Riada, the All-Ireland sean-nós competition, in 2001. He is also a skilled instrumentalist, and plays flute and uilleann pipes.
This long-awaited debut solo album from Mattie contains a wonderful collection of songs, including local versions of An Bhó Bhán and An Sagart Ó Domhnaill. Of course, it also includes Mattie's signature song Bóithríní an Locháin.
There is one track of lilting on the album and three tracks of music: a beautiful flute duet with Neansaí Ní Choisdealbha; and two tracks of sets of reels and jigs played by Mattie on uilleann pipes with Neansaí Ní Choisdealbha (flute), Aisling Ní Neachtain (harp), Johnny Connolly (melodeon), Luisne Ní Neachtain (fiddle), Micheál Deáirbí Ó Fátharta (melodeon) and Tommy Ó Méalóid (accordion).