
|
| Rannóg: |
Sean Nós - Tír Chonaill / Donegal |
(Category) |
Tagairt:
|
CCD09 |
(Reference) |
Praghas:
|
Dlúthdhiosca €15.00 |
(Price) |
A Mhéilte Cheann Dubhrann 'sibh a thógfadh domh cian, Tráthnóna sa tsamhradh nuair a luíós an ghrian. Tá na hamhráin agus an seanchas fá choiscéim dá chéile, bíon an siúl céanna leo, ag inse scéal a bpobail agus is amhlaidh an cás sa chnuasacht ceoil agus amhrán seo, Ceol Cheann Dubhrann. Tá an bailiúcháin bunaithe ar rogha amhrán a cumadh i Rann na Feirste agus amhráin eile ar ghnách iad a cheol ariamh anall ar an bhaile. Is bunadh an bhaile amhain atá ar an dlúthdhiosca, seachas beirt aíonna speisialta atá ar na gaobhair linn, is iad sin Máire Ní Bhraonáin agus Mairéad Ní Mhaoinaigh, ár gcomharsan agus ár gcairde. Tá muid sásta go bhfuil ceathrar den mhuintir a bhí ar an chéad cheirnín, Rann na Feirste, Ceol agus Amhráin, a thaifead Gael Linn in 1972, le cluinstean ar an dara bailiúcháin ceoil seo. Chuir Coiste Cheol Cheann Dubhrann an dlúthdhiosca seo le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas ceoil a muintire. Rachaidh an phroifid uilig a dhéanfar as an tionscnamh seo chun sochair do Bhunscoil agus d'Áislann Rann na Feirste. Donnchadh Ó Baoill, Samhain 2009. |
| |
| Liosta Traiceanna / Track Listing |
| 1. |
Lá Breá Te sa tSamhradh |
|
| 2. |
Ar Maidin Dé Máirt |
|
| 3. |
Méilte Cheann Dubhrann |
|
| 4. |
Mheall Sí Lena Glórthaí Mé |
|
| 5. |
An Chéad Mháirt d'Fhómhar |
|
| 6. |
An Seanduine Dóite |
|
| 7. |
Úirchill an Chréagáin |
|
| 8. |
Má Théid Tú Chun Aonaigh |
|
| 9. |
Mo Sheanchara Dhílis |
|
| 10. |
Caidé Sin don Té Sin |
|
| 11. |
Cianach Corrach |
|
| 12. |
Reel - Ruball an Bhardail (port + 2 ríl) |
|
| 13. |
Cumhaidh an Fhile |
|
| 15. |
Éirigh Suas a Stóirín |
|
| 16. |
Iníon an Bhaoilligh |
|
| 17. |
Thíos i Lár an Ghleanna |
|
| 18. |
Ag Siúl Cois na Trá Domh |
|
| 19. |
Siubhán Ní Dhuibhir |
|
|