Cad is féidir ceannach ón suíomh seo?
Cad atá le fáil i Rannóg na Leabhar?
Cad atá le fáil i Rannóg an Cheoil?
Conas a dhéantar cuardach?
Conas a cheannaítear earraí?
Cad faoi chostas an phostais?
An bhfuil sé dainséarach mo chárta creidmheasa a úsáid?
Léigh an t-eolas atá thíos, le do thoil, agus mura bhfuil freagra le fáil ann ar do cheist is féidir ríomhphost a chur chugainn.
Cad is féidir ceannach ón suíomh seo?
Tá raon mór leabhar Gaeilge agus roinnt mhaith leabhar dátheangach le ceannach ón suíomh—catalóga Chló Iar-Chonnachta, idir cheol agus litríocht, san áireamh. Tá togha an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ar fáil freisin. Is gá teacht a bheith agat ar chárta creidmheasa le hearraí a cheannach ón suíomh.
Cad atá le fáil i Rannóg na Leabhar?
Tá leabhair uile chatalóg litríochta Chló Iar-Chonnachta sa rannóg seo, chomh maith le leabhair ó fhoilsitheoirí eile. San áireamh tá litríocht i nGaeilge do dhaoine fásta, do dhéagóirí agus do pháistí, earraí ilmheáin do pháistí (póstaeir, fístéipeanna, CD-ROM, dlúthdhioscaí) agus an tsraith An Béal Beo (sraith de chaiséid ar a léann údair óna gcuid saothair féin).
Tá Rannóg na Leabhar roinnte suas i bhfo-rannóga. Is féidir iad seo a fheiceáil sna boscaí cuardaigh ar phríomhleathanach Rannóg na Leabhar. Cliceáil anseo le liosta de na rannóga a fheiceáil.
Cad atá le fáil i Rannóg an Cheoil?
Tá rogha leathan cheoil sa rannóg seo, idir cheol traidisiúnta agus amhránaíocht ó lipéad Chló Iar-Chonnachta agus cheol ó lipéid eile.
Tá fo-rannóga le fáil taobh istigh de Rannóg an Cheoil. Is féidir iad seo a fheiceáil sna boscaí cuardaigh ar phríomhleathanach Rannóg an Cheoil. Cliceáil anseo le liosta de na rannóga a fheiceáil.
Conas a dhéantar cuardach?
Déantar cuardach ó phríomhleathanach an cheoil nó na leabhar de réir an earra atá á lorg. Le dul chuig na leathanaigh seo brúigh ar an gcnaipe 'Leabhair' nó 'Ceol'.
An bealach is éasca le cuardach a dhéanamh ná eochairfhocal a chur isteach sa bhosca cuardaigh. Is féidir teideal an earra a úsáid, nó cuid de, nó focal eile a bhfuil baint aige leis an teideal.
Ina theannta sin, le mionchuardach a dhéanamh is féidir:
Údar / Ceoltóir a roghnú ón liosta.
Rannóg a roghnú
Fo-rannóg a roghnú.
Mura bhfuil tú cinnte faoi na sonraí seo, is fearr 'Gach Ceann / Any' a roghnú. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil ar chuardach.
Is féidir cuardach ginearálta a dhéanamh ar an suíomh chomh maith; tá bosca cuardaigh le feiceáil ar bharr gach leathanaigh ar dheis. Má dhéantar cuardach ar fhocal anseo tabharfar le fios na leathanaigh ar an suíomh ar a bhfuil an focal sin le fáil.
Conas a cheannaítear earraí?
Tar éis cuardach a dhéanamh ar an suíomh tabharfar chuig leathanach tú ar a bhfuil torthaí an chuardaigh. Beidh mionsonraí agus mionghraific ar an leathanach do na hearraí ábhartha. Le dul ar aghaidh chuig an leathanach ar a bhfuil na sonraí uile maidir leis an earra atá i gceist, brúigh ar theideal an earra nó ar an bpictiúr.
Le hearra a cheannach brúigh ar an nasc atá ar clé faoin bpictiúr, nasc ina bhfuil ‘Cuir sa Chiseán’ scríofa. Má tá níos mó ná formáid amháin ann, caithfear an fhormáid chuí a roghnú (m.sh 'Dlúthdhiosca / Caiséad').
Ansin tabharfar tú chuig leathanach ar a bhfuil liosta de na hearraí atá sa chiseán agat.
Ansin is féidir na hearraí a cheannach, nó coinneáil ort ag siopadóireacht más mian leat tuilleadh a cheannach; níl le déanamh ach brú ar an gcnaipe cuí.
Cad faoi chostas an phostais?
Ní bhíonn costas postais san áireamh sa phraghas iomlán a fheictear ar an scáileán. Cuirfear an costas seo leis an mbille sula ndéantar é a ghearradh ar an gcárta creidmheasa. Tabharfaidh na figiúirí seo a leanas tuairim duit den chostas atá i gceist:
Éire & Sasana +10%; An Eoraip +20%; Stáit Aontaithe Mheiriceá +30%; Tíortha Eile +35%.
Tá na costais seo bunaithe ar chostas an ordaithe—mar shampla, má tá ordú le dul go Sasana beidh costas postais de thart ar 10% de luach an ordaithe i gceist.
Níl anseo ach treoir—is iad na táillí cruinne a ghearrfar.
An bhfuil sé dainséarach mo chárta creidmheasa a úsáid?
Níl aon chúis agat imní a bheith ort do chárta creidmheasa a úsáid chun earraí a cheannach ónár suíomh. Suíomh daingean atá sa suíomh idirlín seo, mar sin tá gach eolas a sholáthraítear príobháideach.
What will I find in the Books section?
What will I find in the Music section?
How do I search?
How do I make a purchase?
What about postage?
Is it safe to use my credit card?
Please read the information below, and if your question is not answered please email me.
What can I buy from this website?
You can buy a huge selection of books in Irish, and some bilingual titles, from this site as well as the best in traditional music and song. The site contains the entire Cló Iar-Chonnachta literary and music catalogues and more, and you can purchase from it using a credit card.
What will I find in the Books section?
The books section contains the entire Cló Iar-Chonnachta literary catalogue as well as titles from other publishers. This includes literature in Irish for adults, teenagers and children, multimedia for children (posters, videos, CD ROMS, CDs), and The Spoken Word series (Audio series of author’s reading their work).
The books section is divided into categories and sub categories that can be viewed in the search boxes on the books main page. Click here to view categories.
What will I find in the Music section?
Our Music catalogue contains a huge selection of music, both music from the CIC label and music from other labels that we distribute.
The music section is divided into categories and subcategories that can be viewed in the search boxes on the music main page. Click here to view categories.
How do I search?
You search from the main books / music page, accessed by clicking on the Books button or the Music button, depending on the type of product you are looking for.
From there the simplest way to search is to enter a keyword in the keyword search box. This word can be the title of the product, part of the title or another keyword relevant to the title.
To narrow the search you can also select:
an author / artist from the drop down list.
a category.
a subcategory.
If you are unsure about these details it is best to leave the selection as Gach Ceann / Any.
Click her for more about searching.
There is also a general search facility for searching the entire site that is located at the top right corner of each page. This will return the pages on the site where a search word appears.
How do I make a purchase?
If you have searched for a product, you will be brought to a page that lists the titles that match your search criteria. This page will have a small thumbnail graphic of the product and the main product details. To get to the main page containing all details and descriptions click on the graphic or the title of the product.
To purchase a product click on the link on the left under the graphic that says ‘add to basket’. You may need to select the format if the product has more than one (e.g. CD / Tape etc.)
You will be brought to the page listing the items in your shopping cart.
From here you can purchase the items by clicking on the button indicating this choice or continue shopping by clicking on the link on upper left part of the page.
What about Postage?
Postage costs are not included in the cost of your order; they will be added to the bill before charging to your credit card. A rough guide to postage costs is the following:
Éire & UK +10%; Europe +20%; USA +30%; Rest of World +35%.
They are based on the value of your order – so for UK calculate approx additional charge of 10% of order value for postage.
Postage rates are given as a rough guide only. Correct rates will be charged.
Is it safe to use my credit card?
Yes, absolutely. Our site is a secure site, therefore all information that you supply to us is secure.