Téarmaí & Coinníollacha
Is ionann an suíomh idirlín seo a úsáid agus glacadh leis na coinníollacha úsáide seo a leanas:
1. CÓIPCHEART AGUS TRÁDMHARCANNA
Is le Cló Iar-Chonnachta (CIC uaidh seo amach) an Suíomh seo agus is é atá ina bhun, agus tá gach eolas agus ábhar atá le feiceáil ar an Suíomh ("an tÁbhar") chun úsáide pearsanta amháin, agus ní chun úsáide tráchtála. Maoin CIC nó a chuid soláthraithe is ea gach bogearra a úsáidtear ar an Suíomh seo agus gach Ábhar atá ar fáil ar an Suíomh seo (dearadh, téacs, grafaic, fuaim agus fís agus a roghnú agus a socrú gan teorainn) agus tá siad faoi chosaint dlíthe idirnáisiúnta cóipchirt.
Ní ceadmhach aon chuid den Ábhar a íoschóipeáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a chur sa phost, a tharchur, a chur i gcomhad athfhála, a dhíol nó a dháileadh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. Níl san áireamh leis seo íoschóipeáil cóipe amháin de shleachta ón Suíomh ar aon ríomhaire amháin a d'úsáidfí sa bhaile amháin agus ní chun tráchtála, ar choinníoll nach gcuirtear isteach ar chóipcheart ná ar cheart maoine. Tá cosc ar athruithe a dhéanamh ar aon chuid den Ábhar nó aon chuid den Ábhar a úsáid d'aon chuspóir seachas cuspóir a luaitear anseo (a úsáid ar aon suíomh idirlín nó líonra ríomhaireachta eile gan teorainn san áireamh).
2. NAISC CHUIG SUÍMH IDIRLÍN AN TRÍÚ DUINE
Is féidir go mbeidh naisc ar an Suíomh chuig suímh Idirlín an tríú duine, suímh a bhfuil daoine eile ina mbun. Is chun caoithiúlachta lucht úsáidte an tsuímh amháin iad na naisc seo agus ní hionann na naisc a bheith ann agus aontú CIC le hábhar na suíomh a bhfuil naisc ann dóibh nó a dtagraítear dóibh, ná níl aon smacht ag CIC ar ábhar na suíomh seo.
3. ORDUITHE, PRAGHASANNA AGUS INFHAIGHTEACHT NA dTEIDEAL
Cé go ndéantar gach iarracht cruinneas na bpraghasanna agus infhaighteacht na dteideal ar an Suíomh seo a chinntiú, ní féidir dul i mbannaí air seo agus is féidir go mbeidh athrú ann maidir le praghas agus le hinfhaighteacht gan fógra a thabhairt.
Nuair a dhéanann tú iarratas/ordú glacfar leis gur mhaith leat táirge a cheannach a mbeimid sásta é a dhíol leat ar na Téarmaí agus ar na Coinníollacha seo a leanas. Tá gach iarratas ag brath ar infhaighteacht an táirge agus ar dheimhniú phraghas an ordaithe uainne. Nílimid freagrach as aon mhoill seachadta a tharlaíonn mar gheall ar mhoill na seirbhíse poist nó mar gheall ar force majeure. Tá sé de láncheart ag CIC aon iarratas uaitse a dhiúltú. Nuair a dhéanann tú iarratas geallann tú go bhfuil gach sonra a sholáthraíonn tú ag iarraidh earraí fíor agus cruinn, go bhfuil tú údaraithe an cárta creidmheasa a úsáid lena ndéanann tú iarratas agus go bhfuil do dhóthain airgid agat chun costas na n-earraí nó na seirbhísí a chlúdach. Ortsa atá an fhreagracht muid a chur ar an eolas faoi aon athrú sna sonraí seo a luaithe agus is féidir.
4. SÉANADH FREAGRACHTA
Cuireann CIC an suíomh seo ar fáil le dea-rún ach ní dhéanann CIC aon bharánta d'aon chineál, cé acu sainráite nó intuigthe, i dtaca le gach cuid nó le haon chuid den Suíomh nó den Ábhar nó i dtaca le haon suíomh idirlín a bhfuil naisc ag an Suíomh leis, agus eisiaitear leis seo gach baránta, sa mhéid is féidir de réir an dlí. Ní hionann ábhar an tSuímh agus comhairle agus níor chóir bheith ag brath air chun aon socrú a dhéanamh, nó gan é a dhéanamh. Ní féidir dul i mbannaí air go mbeidh an Suíomh saor ó víris nó ó aon rud eile a d'fhéadfadh bheith díobhálach nó millteach. Sa mhéid is féidir de réir an dlí, séanann CIC gach freagracht (is cuma conas a d'eascródh) mar gheall ar aon chailliúint agus/nó dochar, a eascraíonn as nó mar gheall ar aon úsáid nó éagumas úsáide gach nó aon chuid den Ábhar, den Suíomh agus/nó aon suíomh idirlín a bhfuil naisc ag an Suíomh leis, nó aon bheart a dhéantar (nó nach ndéantar) de thoradh ar aon cheann acu seo a úsáid.
5. ATHRUITHE SNA COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO
Tá sé de cheart ag CIC cur leis na coinníollacha úsáide seo nó iad a athrú. Fógrófar aon athruithe ar an leathanach seo agus ortsa atá an fhreagracht mar úsáideoir cinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi aon athruithe ó am go ham, agus measfar gur ghlac tú le haon athrú má leanann tú ort de bheith ag dul isteach sa suíomh ina dhiaidh sin.
6. EOLAS NA nÚSÁIDEOIRÍ
Bailíonn CIC eolas faoi na leathanaigh a dtéann daoine isteach iontu, chomh maith le heolas a thugann an tomhaltóir, leithéidí eolas suirbhé agus/nó cláruithe suímh. Baineann CIC leas as an eolas seo d'athbhreithniú inmheánach, chun feabhas a chur ar ábhar an tSuímh agus chun an t-eolas is deireanaí a sholáthar do thomhaltóirí faoin Suíomh.
7. TOIRMISC
Ní ceadmhach: coir a dhéanamh nó a spreagadh; aon ábhar a chur nó a fháil a bheadh ar aon bhealach maslach nó gáirsiúil, nó a sháraíonn cearta iontaoibhe, cóipchirt, príobháideachais nó aon chearta eile; dul in éadan polasaithe úsáide inghlactha aon Suímh a bhfuil Naisc leis nó a théann in éadan caighdeáin an Idirlín i gcoitinne; víreas a tharchur nó a dháileadh; bradaíl a dhéanamh ar aon ghné den tSeirbhís; sonraí a lot; cur isteach ar Úsáideoirí eile; sárú ar chearta trádmhairc nó maoine eile aon duine eile; aon fhógraíocht nár lorgaíodh a chur; nó cur isteach ar fheidhmiú nó ar fheidhmiúlacht aon áiseanna ríomhaireachta a ndeachthas isteach iontu trí shuíomh idirlín CIC.
8. DLÍ RIALAITHE
Forléireofar na téarmaí agus na coinníollacha seo de réir dhlíthe na hÉireann agus beidh dlínse ag cúirteanna na hÉireann aon aighneas idir tú agus CIC a réiteach.