UASDHÁTÚ COVID-19: 01 Nollaig, 2020
UAIREANTA OSCAILTE
Tá siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar oscailt arís mar is gnáth i rith mhí na Nollag 2020.
Luan go Déardaoin ón 9 ar maidin go 5 i.n.
agus Dé hAoine ón 9 r.n. go 4 i.n.
Tá an siopa ar líne ar oscailt ar an suíomh seo http://www.cic.ie agus orduithe ar líne á bpróiseáil againn.
Tá seirbhís CLICEÁIL AGUS BAILIGH ar fáil chomh maith leis an tseirbhís sa bpost. Cuir isteach d'ordú ar an suíomh idirlín nó ar an bhfón agus bailigh sa siopa é.
Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad slán sábhailte. Go raibh míle maith agaibh as gach tacaíocht.
Le meas,
Foireann Chló Iar-Chonnacht
SONRAÍ TEAGMHÁLA
Uimhir gutháin: 091 593307
R-phost: eolas@cic.ie
Tá muid ar na meáin shóisialta freisin, cuardaigh Cló Iar-Chonnacht ar Facebook, Twitter & Instagram.
SEACADADH
Táimid oscailte ó Luan go hAoine. Déanfar próiseáil ar orduithe a thagann isteach ó mheánlae ar an Aoine agus thar an deireadh seachtaine ar an Luan d’ár gcionn. Seolaimid formhór na dtáirgí trí chóras poist na hÉireann, An Post. Imíonn an post gach lá ó Luan go hAoine ag a 3.00i.n. Má tá an táirge atá ordaithe agat againn sa stoc seolfaimid é taobh istigh de 1 nó 2 lá oibre den uair a thagann d’ordú isteach.
Éire: 2 go 4 lá oibre
An Ríocht Aontaithe: 4 go 8 lá oibre
An tAontas Eorpach: 4 go 10 lá oibre
Stáit Aontaithe Mheiriceá & Ceanada: 6 go 14 lá oibre
Gach áit eile: 8 go 16 lá oibre.
Mura bhfuil an táirge a ordaíonn tú againn sa stoc déanfaimid teagmháil leat ar r-phost le scéala a thabhairt duit faoi stádas d’ordaithe.
Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn maidir le d’ordú. Seol ríomhphost chugainn ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)
Déanaimid gach iarracht anseo i gCló Iar-Chonnacht le costais seachadtha a choinneáil íseal. Braitheann costas seachadta ar dhá rud:
Ríomhfar na costais seachadta go h-uathoibríoch nuair a chuireann tú d’ordú isteach bunaithe ar an seoladh seachadta a chuireann tú isteach.