CIC Logo

Eagrán nua de ghearrscéalta le Tomás Ó Flaithearta á sheoladh ag Scoil na bhFlaitheartach

A new edition of Tomás Ó Flaithearta’s short stories to launch at O’Flaherty Summer School Tuesday, 30th July, 2019

Beidh eagrán nua de na gearrscéalta An Bhrachlainn Mhór le Tomás Ó Flaithearta á sheoladh ag Scoil na bhFlaitheartach in Inis Mór, OIleán Árann i mí Lúnasa, 2019. Tá an cnuasach curtha in eagar as an nua ag Éamon Ó Cíosáin agus á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht. Is garnia le Breandán Ó hEithir, Ruairí Ó hEithir, a sheolfaidh an cnuasach go hoifigiúil ag ócáid i dTeach Chill Mhuirbhigh ar an Satharn, 24 Lúnasa. Beidh an leabhar á sheoladh i ndiaidh seoladh na scoile, a thosóidh ag 12:30 i.n. 

"Más cruthú ar bith clár na n-imeachtaí beidh Féile na bhFlaitheartach 2019 ar an gceann is fearr go dtí seo. In Inis Mór, Árainn, a bheas an Fhéile ar siúl 24-25 Lúnasa. Tá éagsúlacht bhreá sna himeachtaí atá beartaithe agus tá togha na gcainteoirí faighte le dhul i mbun díospóireachta agus léiriúcháin."  - Seosamh Ó Cuaig, Tuairisc.ie, Iúil 2019. 

Léigh an t-alt iomlán ar Tuairisc.ie, Beidh neart scéalta le hinsint ag Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór.


Dúil
Dúil

In Árainn a rugadh Liam Ó Flaithearta, sa bhliain 1896. Chaith sé tamall ina shaighdiúir sa Chéad Chogadh Mór agus sa Chogadh Cathartha ina dhiaidh sin, tamall ag taisteal an domhain ar bord...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›