CIC Logo

BISEACH 2020 ar fáil ar líne ó shiopa leabhar Chló Iar-Chonnacht

BISEACH 2020 available online in the Cló Iar-Chonnacht book shop Thursday, 22nd October, 2020

Tá BISEACH 2020 ar fáil anois ar shiopa leabhar ar líne Chló Iar-Chonnacht. Seoladh eagrán na bliana seo den iris ar an gclár Iris Aniar (RnaG) maidin Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair, 2020. 

Seo thíos roinnt eolais sa mbreis faoi iris na bliana seo a roinn Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Tá ábhar  léitheoireachta den scoth agus neart pictiúr, idir sean agus nua, i mBISEACH 2020, atá curtha in eagar ag Seosamh Ó Braonáin agus foilsithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. 

Seo a leanas cuid den ábhar atá i mBISEACH 2020:


• Míreanna spéisiúla a bhaineann le Cois Fharraige ón tréimhseachán míosúil AR AGHAIDH, 1936 – 1944.
• Alt ag Peadar Ó Máille faoi pháirt a athar, Sean-Pheadar Ó Máille, i gCogadh na Saoirse agus an chonspóid a bhain le marú an iar-shaighdiúra, Patrick Thornton 1920.
• Márú Pat Ó Tuairisg, ball den RIC, i dTrá Lí, Oíche Shamhna, 100 bliain ó shin.
• Vótáil sna boscaí Gaeltachta, Olltoghchán 2020.
• Spaisteoireacht i gCeanar Ros a' Mhíl le Máirín Mhic Lochlainn.
• Pobal Chois Fharraige 1920 le Cormac Ó Comhraí agus cur síos ar fhuadach agus marú an mhúinteoir scoile, Patrick Joyce, 100 bliain ó shin.
• Alt faoin gcomhairleoir contae ó Bhearna, Tomás Ó Curraoin.
• Leagan den aitheasc a thug Páid Ó Neachtain le linn Aifreann na Socraide don laoch pobail, Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh ag tús na bliana.
• Alt ag Neansaí Ní Choistealbha faoin aithne phearsanta a bhí aici ar an laoch ceoil, Johnny Phádraig Pheitir Ó Conghaile, a bhásaigh le linn na bliana.
• Alt ag Donncha Ó hÉallaithe faoi Oireachtas Ros Muc agus Saor Raidió Chonamara, 1970. 
• Ainmneacha agus pictiúir cuid de na daoine a bhíodh ag obair i Connemarble, an chéad mhonarcha i bParóiste an Chnoic, a osclaíodh 1968, curtha le chéile ag Breandán Ó Tuairisg.
• Ábhar ó Bhailiúchán na Scol, a tógadh ó ghasúir i Scoil Sailearna 1937, curtha le chéile ag Lochlainn Ó Tuairisg.
• Scéalta ón seanchaí Jimmí Chearra, a bhásaigh le gairid.
• Alt faoi Údarás na Gaeltachta ag Seosamh Ó Cuaig.
• Alt faoi Choiste na bPáistí ag Mártan Ó Ciardha.
• Mír ag Timín Joe Tim Ó Curraidhín faoi Bhanna Ceoil an Iarthair.
• Ainmneacha daoine as Cois Fharraige a aistríodh go Co Cill Dara agus Co na Mí, deireadh na 1950idí, curtha le chéile ag Ruaidhrí Ó Tuairisg.
• Alt cuimsitheach le Maidhc P. Ó Conghaile, faoi na ceártaí a bhí i gCois Fharraige tráth.
• Stair an tsiopa atá ag muintir Mhic Phroinnsias sa Spidéal le 150 bliain, scríofa ag Seán Ó Neachtain. 

Tá neart pictiúr san iris freisin, seanphictiúir chomh maith de pictiúir de na ranganna a chríochnaigh sna bunscoileanna agus sa dá scoil iarbhunoideachais sa gceantar. 

Níl ach €5 ar an iris, buíochas don deontas flaithiúil atá le cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta.  Díoladh amach BISEACH 2019 an sciobtha anuraidh agus moltar go dhaoine gan é a fhágáil ró-fhada le cóip a fháil.