CIC Logo

Bliain an Chadhnaigh

Bliain an Chadhnaigh Monday, 27th January, 2020

Bliain an Chadhnaigh

Clár imeachtaí in 2020 leathchéad bliain ag comóradh shaothar Mháirtín Uí Chadhain, leathchéad bliain i ndiaidh a bháis.

 

Clár imeachtaí

- cuirfear tuilleadh sonraí leis na h-imeachtaí seo de réir a chéile.

 

Scannán Cré na Cille, Club Scannáin an Phiarsaigh

i gcomhar le Misneach

Agus caoga bliain ó bhásaigh an Chadhanach, bígí linn i gClub Scannán an Phiarsaigh agus muid ag taispeáint an scannán Cré na Cille, léiriú scannánaíochta ar an mórshaothar is fearr aige.

Deir Ainm.ie mar gheall ar an leabhar, Cré na Cille:

"Bhuaigh Cré na Cille duais Oireachtais ar úrscéal in 1947. Nuair nach raibh an Gúm sásta déileáil leis mura mbainfí rudaí áirithe as, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, Sáirséal agus Dill, leis agus d’fhoilsigh é ar 10 Márta 1950. Cheana féin bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéal An braon broghach (1948) agus bhíothas ag cur ardspéise sna sleachta de Cré na cille a bhí á bhfoilsiú in Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair 1949.

Ó thaobh a éifeachta ar phobal a linne b’fhéidir é a chur i gcóimheas lenar tharla i gcás Séadna i dtús na hathbheochana. D’fhág sé go raibh Ó Cadhain aitheanta anois mar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann."

Mairfidh an scannán uair go leith. Tá saorchead isteach agus tá fáilte roimh chách!

 
http://www.misneachabu.ie/

 

Cré na Cille: The nine lives of a modernist text

Cré na Cille: The nine lives of a modernist text

Friday, 21 February 2020, 7PM

Speaker: Dónall Ó Braonáin, OÉ Gaillimh | NUI Galway Campus:

Room 9207, CUNY Graduate Center Sponsors: Lehman College Department of Languages & Literatures and CUNY-IIAS.

Free RSVP to .(JavaScript must be enabled to view this email address).

Máirtín Ó Cadhain’s masterpiece Cré na Cille (1949) will be the focus of this examination of the textual history and reception of a novel which continues to entertain and perplex in equal measures. Key questions for consideration shall include the following topics: How do the extant variants inform our understandings of the text and its tradition(s)? In a work dominated by dense, virtuoso speech acts, what pragmatic processes have been employed to unlock textual ambiguity? How do the stylistically diverse translations The Dirty Dust (2015) and Graveyard Clay (2016) function as metatextual commentaries?

Lecture by Dónall Ó Braonáin of the National University of Ireland, Galway. He lectured in the Department of Modern Irish in UCD for several years and worked on academic publishing projects in the Royal Irish Academy (Dictionary of Irish Biography, Foclóir na Nua-Ghaeilge). He has worked in RTÉ, Ireland’s Public Service Broadcaster, as a journalist, producer and senior editor and was Deputy Head of Raidió na Gaeltachta. Having served as the director of NUI Galway/Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, he is presently a member of the Acadamh’s archive team in Roisín na Mainiach, Carna.

The lecture is generously funded by the Irish Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht supported by the Fulbright Commission in Ireland. 

Photo identification is required for entry into all events. 

 

Sean-nós agus Máirtín Ó Cadhain

Láithreoir: Tomás Ó hÍde

Coláiste Lehman, Nua Eabhrac, Stáit Aontaithe Meiriceá

22 Feabhra, 2020.

Seomra 330, Music Building, Lehman College, 250 Bedford Park Blvd W, Bronx, NY 10468

Téigh go dtí suíomh idirlín Choláiste Lehman

Clár 

Tugann an Clár Gaeilge de Roinn na dTeangacha agus na Litríochta cuireadh duit páirt a ghlacadh i siompóisiam dar teideal “Ceol, Amhránaíocht, Sean-Nós agus Ceiliúradh ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain”, a bheidh ar siúl ar champas CUNY Coláiste Lehman ar an 22 Feabhra 2020. Tá sé mar aidhm againn taighdeoirí agus scoláirí de chuid litríocht na Gaeilge a bhfuil suim acu i gceol na hÉireann agus litríocht Mháirtín Uí Chadhain a thabhairt le chéile.

Seomra 330, Music Building, Lehman College, CUNY.

$20 (saor in aisce do scoláire ollscoile atá cláraithe le cúrsa BA, MA, nó Ph.D.)

Arna urrú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le tacaíocht ó Choimisiún Fulbright na hÉireann agus Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh. 

An tAmchlár

9:30am Aindriú Ó Ciardha – 'Caitlín Maude: Saorvéarsaíocht agus Sean-Nós'

9:55am Caoimhe Nic Giollarnáith – 'An ceol agus filíocht Ghearóid Mhic Lochlainn'

10:20am Micheál Ó Conghaile – 'Saibhriú ar an Traidisiún: Na hAmhráin Nuachumtha Comhaimseartha'

10:45am Tae/Caifé

11:15am Aoichainteoir – Síle Denvir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
     'Ó Shean go Nua: Leanúnachas agus Claochlú in Amhránaíocht Dhúchasach na Gaeilge'

12:15pm Lón

1:30pm Conn Mac Aogáin – 'Ceol sa Cheird: Tagairtí don Cheol agus don Amhránaíocht i Saothar Mháirtín Uí  Chadhain  – Anailís Chorpais'

1:55pm Brian Ó Broin – '“Na Fleasca agus na Mná”: Saol Dearóil na bhFear Cathrach i nGearrscéalta an Chadhnaigh'

2:20pm Tomás Ó hÍde – 'Cois Fharraige: Béaloideas agus Máirtín Ó Cadhain'

2:45pm Tae/Caifé/Seoladh Leabhair – Micheál Ó Conghaile
             Sa Teach Seo Anocht (2019)

3:45pm Aoichainteoir – Dónall Ó Braonáin (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
             'Máirtín Ó Cadhain agus an pholaitíocht liteartha 1949-1969'

 

In agallamh íogar ar dhá litríocht Ghaelacha:

Collóiciam in ómós do shaothar scolártha Mháire Ní Annracháin

Aoine 8 Bealtaine, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath

 

‘Máirtín Ó Cadhain 2020’

Aoine 15 Bealtaine, Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain: Seimineár Lae      (á eagrú ag CIC & OÉG)

Aoine 18 Meán Fómhair, Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh

 

Léacht Uí Chadhain 2020        (á eagrú ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

Deireadh Fómhair, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath  

 

Seoladh Léachtaí Uí Chadhain 1980-2020 (LeabhairCOMHAR)

Samhain, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

 

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht leabhar aistí ar Cré na Cille i mí Dheireadh Fómhair, 2020.

 

___________________________________________________________________

 

Cuirfear breis eolais agus breis imeachtaí leis an liosta de réir a chéile, agus coimeádfar an liosta seo chun dáta ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht:  http://www.cic.ie


Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol....

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail & Ó Cadhain sa gCnocán Glas
Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail & Ó Cadhain sa gCnocán Glas

Dhá chlár a cheiliúrann saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain.  I 2006 rinne RTÉ coimisiúnú ar Rí an Fhocail, clár speisialta a dhéanann plé ar scríbhneoireacht Uí Chadhain...

Praghas: €15.01 Ceannaigh ›