CIC Logo

Gairm ar pháipéir: Gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain: Seimineár Lae

Gairm ar pháipéir: Gearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain, Seimineár Lae Monday, 18th November, 2019

Ar an 18 Deireadh Fómhair 1970 a cailleadh Máirtín Ó Cadhain. Cé go bhfuil ardcháil ar an gCadhnach mar scríbhneoir i measc lucht na Gaeilge tá ag méadú ar a chlú idirnáisiúnta a bhuíochas de na haistriúcháin atá déanta le blianta beaga anuas ar Cré na Cille. Éascaíonn teacht ar aistriúcháin dá shaothar an léann liteartha sa chomhthéacs domhanda agus úrbhreithniú idirnáisiúnta ar Ó Cadhain ar bhonn comparáideach go speisialta.

Foilseoidh Yale University Press leagan Béarla de rogha gearrscéalta Uí Chadhain roimh dheireadh 2020. Is cinnte go gcuirfidh an foilseachán nua seo leis an bplé agus an anailís ar an gCadhnach féin agus ar litríocht nua-aoiseach na Gaeilge trí chéile. Ina fhianaise sin, is tábhachtaí anois ná riamh go leanfaí den iniúchadh criticiúil ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain trí mheán na teanga inar scríobhadh é. Leathchéad bliain i ndiaidh a bháis, ba mhaith le Cló Iar-Chonnacht agus OÉ Gaillimh athchuairt agus athscrúdú a dhéanamh ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain ag seimineár lae a reáchtálfar i nGaillimh ar an 18 Meán Fómhair 2020.

Cuirfear fáilte roimh thairiscintí páipéir (20-25 nóiméad) nó roimh thairiscintí painéil (de thriúr) ar théamaí agus ábhair a bhaineann le gné ar bith de ghearrscéalta Uí Chadhain.

Is féidir teideal an pháipéir, achoimre ghairid (150 focal) agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig ball ar bith de Choiste Eagraithe an tSeimineáir roimh 1 Feabhra 2020. Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht rogha aistí ar théama an tseimineáir a fhoilsiú amach anseo.

 

Coiste Eagraithe:

Micheál Ó Conghaile

.(JavaScript must be enabled to view this email address)

 

An tOllamh Louis de Paor

.(JavaScript must be enabled to view this email address)

 

Dónall Ó Braonáin

.(JavaScript must be enabled to view this email address)

 

 

 

 


Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol....

€15.00 Anois: €7.50 Ceannaigh ›
Máirtín Ó Cadhain: Clár Saothair
Máirtín Ó Cadhain: Clár Saothair

Úrscéalta, scéalta, paimfléid, leabhráin, aistriúcháin, béaloideas, léachtaí, ailt, litreacha, léirmheasanna, óráidí, fógraí mairbh, tuairisceoireacht, ceirníní, taifeadtaí RTÉ...

Praghas: €30.00 Ceannaigh ›