CIC Logo

Ceardlanna Scríbhneoireachta i mBaile Átha Cliath & Béal Feirste

Ceardlanna Scríbhneoireachta do Scríbhneoirí Gaeilge Tuesday, 01st October, 2019

Ceardlanna scríbhneoireachta don scríbhneoir Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste

Beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta do scríbhneoirí Gaeilge á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann i mBéal Feirste, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Tá iarratais á lorg anois do na ceardlanna seo agus tá gach eolas thíos. Níl aon táille i gceist leis na ceardlanna, ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costaisí taistil féin agus lóistín, sa gcás is go mbeadh a leithéid i gceist. 

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: Baile Átha Cliath 

An Gearrscéal, An tÚrscéal agus an Splancscéal 

Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair, 2019 ó 9:30 r.n. go 5:30 i.n. 

Ionad: Poetry Ireland (Éigse Éireann), 11 Cearnóg Pharnell Thoir, BÁC 

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc 

SPRIOCLÁ: 16 DEIREADH FÓMHAIR, 2019

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga  / nua agus na scríbhneoirí aitheanta araon.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)  ROIMH an 16 Deireadh Fómhair 2019.

Roghnófar na saothais is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist. 

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: Béal Feirste 

Ábhar: Gach seánra 

Dáta: Dé Sathairn, 23 Samhain, 2019

Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste 

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

SPRIOCLÁ: 13 SAMHAIN, 2019 

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Cló Iar-Chonnacht, ag .(JavaScript must be enabled to view this email address) ROIMH an 13 Samhain, 2019. 

Roghnófar na saothais is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist. 

Tuilleadh eolais faoi na ceardlanna le fáil: 

Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile

Cló Iar-Chonnacht 

An Spidéal 

Co. na Gaillimhe 

Guthán: 091 593307 R-phost: .(JavaScript must be enabled to view this email address)

Tá na ceardlanna seo á n-eagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

 

 

 


Daoine a Itheann Daoine
Daoine a Itheann Daoine

Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil,...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›
Diabhlaíocht Dé
Diabhlaíocht Dé

"Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann..." Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire...

€12.00 Anois: €6.00 Ceannaigh ›