CIC Logo

Foireann Chló Iar-Chonnacht ag obair ón mbaile

Cló Iar-Chonnacht team are working from home Monday, 30th March, 2020

Tá foireann Chló Iar-Chonnacht ag obair ón mbaile mar gheall ar na treoirlínte is deireanaí atá tagtha ón rialtas maidir le scoitheadh sóisialta agus fanacht sa mbaile mar gheall ar ghéarchéim Covid-19. Beidh muid ag leanúint orainn ag comhlíonadh orduithe tríd an suíomh idirlín, chomh fada agus is féidir linn. 

Tuigeann muid go bhfuil go leor scoláirí agus mic-léinn ag staidéar sa mbaile le haghaidh scrúduithe agus ag iarraidh coinneáil lena obair scoile. Cé nach mbeidh muid san oifig, tá muid ag leanúint orainn ag cur tacaíochta agus eolas ar fáil ar na meáin shóisialta, Facebook.com/CloIarChonnacht agus Twitter.com/CloIarChonnacht agus ar r-phost. 

 


Gearrscéalta an Chéid (eBook / Ríomhleabhar)
Gearrscéalta an Chéid (eBook / Ríomhleabhar)

Fiche gearrscéal den scoth atá anseo bailithe le chéile faoi aon chlúdach amháin ag ceiliúradh fhorbairt ealaín na gearrscéalaíochta ó 1900 go dtí 2000.Is é atá sa chnuasach seo rogha...

€10.00 Anois: €9.23 Ceannaigh ›
Katfish agus Scéalta Eile
Katfish agus Scéalta Eile

Aoisghrúpa: 13 - 15 bliain d'aois. Cnuasach gearrscéalta a phléann téamaí shaol an lae inniu, idir shean agus nua: grá agus gruaim, fás agus dreo, titim agus éirí. Leabhar nua ó...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›