CIC Logo

Ceardlanna Scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht

Cló Iar-Chonnacht Writing Workshops Thursday, 15th October, 2020

Ceardlanna Scríbhneoireachta le Cló Iar-Chonnacht 

Tá dhá cheardlann scríbhneoireachta á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht idir seo agus deireadh na bliana. 
 

Dáta: Dé Sathairn, 7 Samhain 2020

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: PRÓS
An gearrscéal, an t-úrscéal agus an splancscéal

Ionad: Le socrú. Braitheann ar threoir an rialtais ag an am. Muna féidir teacht le chéile ag ionad faoi leith, cuirfear ceardlann ar líne nó aiseolas ar fáil.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag .(JavaScript must be enabled to view this email address) ROIMH an 29 Deireadh Fómhair 2020.


Dáta: Dé Sathairn, 5 Nollaig 2020

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Ionad: Le socrú. Braitheann ar threoir an rialtais ag an am. Muna féidir teacht le chéile ag ionad faoi leith, cuirfear ceardlann ar líne nó aiseolas ar fáil.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: 

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag .(JavaScript must be enabled to view this email address) roimh an 26 Samhain 2020.

 

Tuilleadh eolais faoi leagan amach na gceardlanna

Ceardlann 7 Samhain, 2020

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Ceardlann 5 Nollaig, 2020

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

 

 


Sa Teach Seo Anocht
Sa Teach Seo Anocht

Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh.  Anocht m'oíche...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›
Daoine a Itheann Daoine
Daoine a Itheann Daoine

Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil,...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›