CIC Logo

Seoltaí 'Croí Cine' i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath

Events to launch ‘Croí Cine’ in Galway and Dublin Thursday, 23rd January, 2020

Ba mhór ag Seán de Fréine agus Cló Iar-Chonnacht tú a bheith i láthair ag ócáidí i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath nuair a sheolfar Croí Cine a chuir Seán de Fréine in eagar.

Gaillimh 

Beidh Croí Cine á sheoladh ag Gearóid Ó Tuathaigh ag ócáid i rith Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar an Satharn, 1 Feabhra ag 5:30 i.n. i Seomra Bhaile Uí Bheacháin, sa Galway Bay Hotel, Bóthar na Trá, Gaillimh. 

Baile Átha Cliath 

Seolfaidh Alan Titley Croí Cine ag ócáid in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1 ar an Mháirt, 4 Feabhra ag 6:30 i.n. 

Leabhar ar leith é seo, é níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990, agus a ghnóthaigh iomrá ag an am. Ar leibhéal amháin, is cnuasach é de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí de smaointe, den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí fiúntacha - a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad. 

Pléitear ceisteanna iontu: mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht vs an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag. Tá innéacs nua cuimsitheach ginearálta leis an eagrán seo a chuireann go mór lena fhiúntas. 


Croí Cine
Croí Cine

Leabhar ar leith é seo, é níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990, agus a ghnóthaigh iomrá ag an am. Ar leibhéal amháin, is cnuasach é de na céadta sleachta...

Praghas: €25.00 Ceannaigh ›