CIC Logo

Is é 'Sna Fir' le Micheál Ó Conghaile ríomhleabhar saor in aisce na seachtaine seo

Free ebook download this week is ‘Sna Fir’ by Micheál Ó Conghaile Friday, 29th May, 2020

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur an úrscéil 'Sna Fir' le Micheál Ó Conghaile ar fáil saor in aisce an tseachtain seo agus tá gach ríomhleabhar eile ar shladmhargadh. 

Sna Fir 

Veering from gloomy to hilarious and from keenly plotty to discursive, this novel is a scathing picture of homosexual life in Ireland.
- RTÉ Guide

Úrscéal cumhachtach láidir. Gabhann ionainn isteach lena phaisean agus lena mhacántacht. … Comhrá cliste meidhreach agus neart carachtar barrúil.
- Books Ireland

Úrscéal fíorshuimiúil ó thaobh an téama agus na stíle de. Seo scríbhneoireacht den scoth agus scéal a bhaineann go mór leis an lá atá inniu ann á insint amach go díreach neamhbhalbh.
- Nuala Ní Dhomhnaill

Scéal duine atá anseo; scéal guairneánach a bhainfeas suaitheadh asat. Aistear atá ann, aistear buachalla bháin a théann i gceann an tsaoil agus a imíonn le haer an bhaile mhóir. Cuntas é ar theacht in inmhe; ar fhéincheistiú, ar fhionnachtain, agus ar athnuachan; ar ghrá agus ar ghníomh in am an bhearrtha agus in aois na céille. Beatha dhuine a thoil. Toil an té seo a bheatha . . . sna fir.

Sna Fir is the first novel from Micheál Ó Conghaile. It is a whirlwind account of the journey of a Connemara student, young, gay and determined in his quest for happiness and peace of mind; an ever-returning journey from the comfort and security of his family home to the blissful danger of the city. Famille, je vous aime…


Sna Fir (Ríomhleabhar)
Sna Fir (Ríomhleabhar)

RÍOMHLEABHAR Is táirge digiteach é seo. Tá an ríomhleabhar seo saor in aisce ó 1 go 8 Meitheamh, 2020. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú...

€9.84 Anois: €7.38 Ceannaigh ›