CIC Logo

Fógra tábhachtach maidir le sonraí logáil isteach ar www.cic.ie

Important notice regarding login details on www.cic.ie Wednesday, 14th July, 2021

Is teachtaireacht thábhachtach í seo a bhaineann le sonraí logáil isteach ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht http://www.cic.ie.

Baineann an teachtaireacht seo leat má tá tú i do bhall cláraithe ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht. Go raibh míle maith agat as a bheith i do bhall den suíomh.

Beidh suíomh idirlín nua á sheoladh ag Cló Iar-Chonnacht ag deireadh mhí Iúil. Ciallaíonn sé seo go gcuirfear deireadh leis na sonraí ballraíochta agus logáil isteach a bhaineann leis an suíomh mar atá. 

Má tá aon eolas agat i do chuntas ar an suíomh faoi láthair ar mhaith leat a shábháil ar do ríomhaire féin, ba mhaith linn iarraidh ort é sin a íoslódáil anois ós rud é nach mbeidh muid in ann an t-eolas a shábháil ná a aistriú trasna go dtí an suíomh nua. 

Ní thiocfaidh aon athrú ar sheoladh idirlín Chló Iar-Chonnacht http://www.cic.ie a bheas mar atá anois ach gur suíomh nua a bheas ann. 

Go raibh míle maith agat as ucht do chuid tacaíochta do Chló Iar-Chonnacht agus tá súil againn go mbeidh muid in ann cabhrú leat arís amach anseo. 

Le gach dea-ghuí,
Foireann Chló Iar-Chonnacht 
http://www.cic.ie ;


Cruinnscríobh na Gaeilge
Cruinnscríobh na Gaeilge

Gearrchúrsa praiticiúil i ngramadach agus i gcruinnscríobh na Gaeilge atá sa saothar seo. Tá sé dírithe go príomha ar an bhfochéimí Gaeilge agus táthar ag súil go mbainfidh lucht foghlama...

Praghas: €20.00 Ceannaigh ›