Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá in gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú. Beidh áit do ochtar ar an gceardlann.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, dánta (suas le 3 dhán) sliocht as úrscéal nó sliocht próis (5-10 lch) nó splancscéal a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag .(JavaScript must be enabled to view this email address) ROIMH an 12 Márta 2021.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo.
Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh. Anocht m'oíche...