CIC Logo

Agallamh le Seán Ó Neachtain agus a leabhar 'Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn' foilsithe

Interview with Seán Ó Neachtain following the publication of his memoir ‘Ón Spidéal go Strasbourg’ Tuesday, 12th January, 2021

Bíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, deirtear agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás Sheáin Uí Neachtain. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing isteach i dtreo na polaitíochta é an chéad lá riamh. Ba ag stocaireacht ar son na cúise sin mar chathaoirleach ar an gcoiste pobail agus mar rúnaí ar chumann Fhianna Fáil i dtús na seachtóidí a d'fhoghlaim sé ceird an ghníomhaire pobail. As sin tháinig cuireadh chun seasamh i dtoghchán Chomhairle Chontae na Gaillimhe i 1979. Lean cuireadh eile fós cúpla mí ina dhiaidh chun seasamh i gcéad toghchán Údarás na Gaeltachta. Chuir sin tús le deich mbliana is fiche d'ionadaíocht thofa phoiblí i bhfad is i gcéin. Sheas sé i naoi dtoghchán, trí cinn comhairle contae, ceithre cinn Údarás na Gaeltachta, olltoghchán agus toghchán Pharlaimint na hEorpa.

Féach ar Sheán Ó Neachtain ag déanamh cur síos ar an leabhar agus ag caitheamh súil siar ar a shaol sa bhfíseán seo: https://youtu.be/RJFOgarutuc

Léirithe ag Seán Ó Mainnín, Táin Bó Media i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht. 

 


Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn
Ón Spidéal go Strasbourg: Cuimhní Cinn

Bíonn an pholaitíocht i gcónaí áitiúil, deirtear agus is cinnte go raibh sé sin fíor i gcás Sheáin Uí Neachtain. Easpa córas uisce poiblí i gceantar an Spidéil a tharraing isteach i...

Praghas: €18.00 Ceannaigh ›