CIC Logo

Scéim Scríbhneoir Cónaithe Baile na Gaeilge ag Áras na Scríbhneoirí Gaeilge

Irish-language writer in their residence with the Irish Writers Centre Tuesday, 29th September, 2020

Tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag fógairt babhta nua de scéim na Scríbhneoirí Cónaithe Baile, atá deartha le tacaíocht airgeadais a sholáthar do scríbhneoirí roghnaithe, agus le machnamh a dhéanamh ar cad atá i gceist le bheith i d’ealaíontóir sa lá atá inniú ann. Aidhm na deise seo ná tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus iad ag fiosrú na ndeacrachtaí a bhaineann le saothar a chruthú le linn na tréimhse seo, agus a bpróiseas a roinnt le pobal níos leithne. Ba mhian leo beirt Scríbhneoirí Cónaithe Baile na Gaeilge a cheapadh. 

Ar feadh tréimhse dhá sheachtain, déanfaidh an bheirt scríbhneoirí a roghnófar taifead ar a gcuid cleachta chruthaithigh agus iad ag forbairt saothar a bheidh idir lámha acu cheana féin, cibé acu úrscéal, gearrscéal, aiste phearsanta, nó rud éigin eile a bheidh i gceist.

SPRIOCLÁ: 5 Deireadh Fómhair, 2020

Tá gach eolas faoin scéim ar fáil ar shuíomh idirlín Áras na Scríbhneoirí Gaeilge ag an nasc seo.


Croí Cine
Croí Cine

Leabhar ar leith é seo, é níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh i 1990, agus a ghnóthaigh iomrá ag an am. Ar leibhéal amháin, is cnuasach é de na céadta sleachta...

Praghas: €25.00 Ceannaigh ›
Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta
Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›