CIC Logo

Bí linn inniu ar YouTube don Seimineár ar Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain

Join us today on YouTube for the Seminar on the short stories of Máirtín Ó Cadhain Friday, 18th September, 2020

Cuireann Cló Iar-Chonnacht agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céad fáilte romhaibh ar fad go dtí an seimineár.   

 

Cuireann muid fáilte speisialta roimh an lucht freastail atá i bhfad uainn chomh maith leo siúd atá in aice láimhe anseo i nGaeltacht na Gaillimhe.  

 

Beidh imeachtaí an lae á gcur amach againn ar chainéal YouTube Chló Iar-Chonnacht dóibh siúd nár éirigh leo áit a chur in áirithe sa seimineár féin.  

tinyurl.com/CloIarChonnachtYouTube

Seimineár fíorúil é seo agus tá muid go léir ag dul i gcleachtadh ar an saol nua. Gabhann muid buíochas speisialta leis na cainteoirí atá sásta dul sa seans ar an ardán fíorúil seo. 

Beidh míle fáilte roimh cheisteanna ón lucht freastail tríd an gcóras Q&A ar Zoom.

 

Tá muid thar a bheith buíoch de na cathaoirligh a dhéanfaidh modhnóireacht ar na ceisteanna.  

 

Tuigeann muid gur móide go mbeidh an lucht freastail ag teacht agus ag imeacht i gcaitheamh an lae. Díreach le meabhrú go mbeidh painéal plé agus díospóireachta idir cainteoirí an tseimineáir ag 1515 mar sheisiún scoir. 

 

Ar fhaitíos na timpiste, má chliseann ar an nasc in am ar bith, bígí chugainn arís ar an nasc iontrála a scaoil isteach ar maidin sibh. 


Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

LASCAINE 20% i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2020. Postas saor in aisce go deireadh mhí na Samhna. Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na...

€15.00 Anois: €12.00 Ceannaigh ›