CIC Logo

Lá Náisiúnta Filíochta 2021 – Turas Gaeltachta

Lá Náisiúnta Filíochta 2021 – poetry postcards Tuesday, 27th April, 2021

Lá Náisiúnta Filíochta 2021 – Turas Gaeltachta

Tá Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta ag reáchtáil togra darbh ainm 'Turas Gaeltachta' ar  Lá Náisiúnta Filíochta, Déardaoin 29 Aibreán 2021. Cuirfear cártaí poist, le véarsa ó fhile áitiúil, ar fáil saor in aisce sna siopaí, sna scoileanna agus sna hoifigí poist áitiúla i 12 ceantar éagsúla Gaeltachta ar fud na tíre agus iarrfar ar an bpobal iad a chur chuig duine i gceantar eile Gaeltachta nó thar lear. Féach thíos sampla de chárta poist agus liosta de na ceantair agus na filí Gaeltachta atá i gceist. 


Seo mar a labhair Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga le Pobal Rua ar an gCeathrú Rua faoin bhfeachtas:
‘Tá muid ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar fhilí na Gaeltachta agus ar shaibhreas cultúir na Gaeltachta ar an Lá Náisiúnta Filíochta seo. Tá na healaíona lárnach i saol na Gaeltachta, ní rud aisteach nó neamh coitianta dúinn go mbeadh daoine ag damhsa, ag góilín nó ag rá dánta agus ní raibh aon fhadhb againn saothar ó fhilí an phobail a aimsiú don bhfeachtas seo. 


Is é téama an lae ná Treoanna Nua: Léarscáileanna aguas Turasanna agus sin an fáth gur roghnaigh muid Turas Gaeltachta mar theideal ar an bhfeachtas seo.  Shocraigh muid go gcuireadh muid cártaí poist le véarsaí ó na filí Gaeltachta orthu le go bhféadfaí na píosaí filíochta seo a chur ar thuras ó cheantar amháin Gaeltachta go dtí ceantar eile, nó chuig daoine thar lear. Tá siad curtha ar fáil againn saor in aisce sna hoifigí poist, san siopaí áitiúla agus sna scoileanna ionas go mbeidh fáil ag an bpobal go héasca orthu.Tá muid ag iarraidh ar dhaoine iad a chur chuig duine i gceantar eile Gaeltachta, ionas go mbeidh malartú i gceist. 


Tá roinnt beart le cóip de gach cárta poist á mbronnadh mar dhuaiseanna againn freisin, is bailiúchán an-speisialta é seo mar gheall nach bhfuarthas ach méid áirithe cló bhuailte. Beidh comórtas á fhógairt ar na meáin shóisialta i ngach ceantar agus na bearta seo mar dhuaiseanna. ‘

 

Liosta na bhFilí:

Máire Uí Fhlatharta,

An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

 

Ciarán Ó Fátharta

Ceantar na nOileán, Co. na Gaillimhe

Leabhar atá ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht Ciarán Ó Fátharta: Amhráin 

 

Micheál Ó Cuaig

Chill Chiaráin, Co. na Gaillimhe

Leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht Clocha Reatha, €3.75

 

Moya Roddy

Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

 

Máire hOibicín Uí Eidhin

An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht Taoscadh an Tobair 

 

Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha,

Ráth Chairn, Co. na Mí

 

Máire Dinny Wren,

Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Leabhar atá ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht Tine Ghealáin 

 

Proinsias Mac a Bháird,

Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Leabhar atá ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht Tairngreacht 

 

Donnchadh C. Ó Laighin

Cill Chartha, Co. Dhún na nGall

 

Noreen Ní Ghairbhithe

& Máire Ní Bhriain

Na Rossan, Co. Dhún na nGall

 

Dónal Ó Liatháin, 1934-2008

File, Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Múscraí, Co Chorcaí

 

Aogán Ó Muircheartaigh

Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí

 


Clocha Reatha
Clocha Reatha

Soiléire agus éascaíocht . . . mothú láidir, ach mothú a bhfuil srian air. . . guth pearsanta ar leith le cloisteáil in úsáid na teanga . . . máistreacht teangan idir chlasaiceach is...

Praghas: €3.75 Ceannaigh ›
Ciarán Ó Fátharta - Amhráin
Ciarán Ó Fátharta - Amhráin

Bailiúchán d'amhráin Chiaráin Uí Fháthartaatá anseo, 31 amhrán san iomlán chomh maith le hagallamh beirte amháin. Tá na hamhráin seo beo i mbéal an phobail le fada agus iad le cloisteáil...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›