CIC Logo

Comhdháil á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide ag comóradh shaothar Mháirtín Ó Cadhain

Máirtín Ó Cadhain’s work to be commemorated by Trinity College Dublin in online conference Thursday, 05th November, 2020

Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar líne ag comóradh agus ag ceiliúradh beatha agus saothair an mhórscríbhneora Máirtín Ó Cadhain.

Cláraigh roimh ré le Eventbrite ag an nasc seo: https://www.eventbrite.com/e/comhdhail-ui-chadhain-2020-roinn-na-gaeilge-colaiste-na-trionoide-tickets-121708065099

Tá leathchéad bliain imithe ó cuireadh an mórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain i gcré na cille. Ba é Ollamh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide é, agus tá Roinn na Gaeilge sa Choláiste ag eagrú comhdháil lae ar líne Dé hAoine 20 Samhain chun a bheatha agus a shaothar a chomóradh is a cheiliúradh.

Beidh na himeachtaí ar fad ar líne. Tá freastal saor in aisce ach ba chóir áit a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh idirlín Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Beidh togha na gcainteoirí agus na gcainteanna ann. Ina measc, beidh:

Mícheál Briody: ‘Páipéir neamhfhoilsithe Mháirtín Uí Chadhain: a raon agus a dtábhacht’
Máirín Nic Eoin: ‘Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta’
Colm Ó Cuaig & Charles Dillon: ‘Máirtín Ó Cadhain: foclóirí’
Radvan Markus: ‘Cré na Cille mar úrscéal ciclipéideach’
Máire Ní Annracháin: ‘An t-olc bunaidh: titim an duine’
Caitlín Nic Íomhair: ‘Slánú, athdhéanamh agus Sisifeas i luathscéalta Uí Chadhain’
Ian Ó Caoimh: ‘Athnuachan: caitheamh aimsire ar thórramh’
Alan Titley: ‘The Dregs of the Day agus scéalta eile: an dúshlán aistriúcháin’

 

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta
Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

LASCAINE 20% i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2020. Postas saor in aisce go deireadh mhí na Samhna. Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na...

€15.00 Anois: €12.00 Ceannaigh ›
Cré na Cille - RTÉ Raidió na Gaeltachta’s adaptation for radio of Máirtín Ó Cadhain’s classic novel
Cré na Cille - RTÉ Raidió na Gaeltachta’s adaptation for radio of Máirtín Ó Cadhain’s classic novel

Bliain i ndiaidh bhunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, cóiríodh leagan drámatúil den úrscéal Cré na Cille don raidió: togra a léirigh misneach agus fís chruthaíoch an stáisiúin nuabhunaithe....

Praghas: €20.00 Ceannaigh ›