CIC Logo

Rang Beag Scríbhneoireachta, sraith nua físeán ag tosú an tseachtain seo

New writing classes video series starts this week - Rang Beag Scríbhneoireachta Sunday, 24th May, 2020

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal aoiscríbhneoirí, tús a chur leis an tsraith ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’, ag tosú ar an gCéadaoin, 27 Bealtaine 2020. Gach seachtain, beidh ceacht i gceird na scríbhneoireachta á eisiúint ar-líne againn ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, ar YouTube agus ar na meáin shóisialta.  

Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag glacadh páirte sa tsraith, Áine Durkin, Áine Ní Ghlinn (atá ainmnithe mar Laureate na nÓg go dtí 2022), Anna Heussaff, Réaltán Ní Leannáin agus Alex Hijmans. 

Díreofar ar ghné amháin de cheird na scríbhneoireachta i ngach eagrán. Cuirfidh an file, blagalaí agus scríbhneoir amhrán Áine Durkin tús leis an tsraith ar an gCéadaoin, 27 Bealtaine, agus í ag caint faoi thús phróiseas na scríbhneoireachta agus na modhanna atá in úsáid aici féin agus í ag tabhairt faoi smaointe a bhailiú is a thabhairt le chéile. 

Físeáin ghairide a bheidh i gceist leo, níos lú ná cúig nóiméad an ceann, agus scríbhneoirí na Gaeilge ag déanamh cur síos ar ghné faoi leith den scríbhneoireacht agus leideanna á dtabhairt acu don lucht féachana faoin gcur chuige atá acu féin maidir leis an gcuid sin de cheird na scríbhneoireachta. 

An aidhm atá le gach físeán, go mbeadh an té a bhreathnódh air in ann foghlaim uaidh agus an chomhairle a úsáid ina gcleachtas scríbhneoireachta féin. 

 

Na topaicí a chlúdófar: 

Áine Durkin: ó smaoineamh go scríbhinn – ag bailiú smaointe agus á bhforbairt 

Áine Ní Ghlinn: ag forbairt carachtair

Anna Heussaff: ag lorg aiseolais i rith phróiseas na scríbhneoireachta

Réaltán Ní Leannáin: comhrá agus dialóg i bhficsean

Alex Hijmans: an tábhacht atá le disciplín agus cleachtas oibre don scríbhneoir 

 


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

€8.00 Anois: €7.20 Ceannaigh ›