CIC Logo

Ríomhleabhar saor in aisce in aghaidh na seachtaine & sladmhargadh ar gach ceann eile

One free eBook each week and discounts on all eBooks Monday, 13th April, 2020

Ríomhleabhar saor in aisce gach seachtain ó Chló Iar-Chonnacht

Lascaine suas le 50% ar os cionn 50 ríomhleabhar eile ar http://www.cic.ie. ;

 

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce agus ag cur lascaine suas le 50% ar gach ríomhleabhar  atá ar fáil óna siopa ar-líne, www.cic.ie. 

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie. Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar gach ríomhleabhar atá ar fáil óna siopa ar-líne http://www.cic.ie. ;

An chéad ríomhleabhar atá á chur ar fáil saor in aisce ná an bunleagan de Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill agus ina bhfuil léaráidí Charles Lamb Beidh Cré na Cille ar fáil saor in aisce ar feadh seacht lá agus ina dhiaidh sin, cuirfear teideal eile ar fáil. Is do léitheoirí fásta is mó atá na ríomhleabhar atá ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht. 

Is foilsitheoirí iad Cló Iar-Chonnacht a fhoilsíonn leabhair Ghaeilge agus Ceol Gaelach. Tá siopa leabhar Gaeilge ag an gcomhlacht sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe agus ar-líne ag http://www.cic.ie. ;

Tá foireann Chló Iar-Chonnacht ag obair ón mbaile faoi láthair chun cloí leis na treoirlínte a d’eisigh Rialtas na hÉireann maidir leis an scoitheadh sóisialta. I rith an tréimhse seo, beidh muid ag déanamh gach iarracht chun orduithe tríd an suíomh idirlín agus ar an bhfón a chomhlíonadh, chomh fada agus is féidir linn. Tá aird ar leith againn ar orduithe atá faighte againn ó scoláirí atá ag staidéar ón mbaile agus iad ag réiteach do na scrúduithe. Cé nach bhfuil muid lonnaithe san oifig faoi láthair, tá muid ag leanúint ag cur eolas ar fáil agus ag cabhrú le fiosruithe trí na meáin shóisialta agus tríd an suíomh idirlín. 

Díolann Cló Iar-Chonnacht leabhair agus dlúthdhioscaí a fhoilsíonn muid féin chomh maith le réimse cuimsitheach leabhair agus dlúthdhioscaí le foilsitheoirí Gaeilge eile. Cuireann http://www.cic.ie an rogha leathan seo ar fáil ar-líne.


Cré na Cille - bunleagan (Ríomhleabhar)
Cré na Cille - bunleagan (Ríomhleabhar)

Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost...

€10.00 Anois: €8.77 Ceannaigh ›