CIC Logo

Seoladh ar líne 'Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta' ag Féile na bhFlaitheartach

Online launch of ‘Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta’ during Féile na bhFlaitheartach Online 2020 Thursday, 24th September, 2020


Ár mbuíochas leis an Dr Éamon Ó Ciosáin a sheol an leabhar Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (aistrithe ag Mícheál Ó Conghaile agus foilsithe ag Cló Iar Chonnacht) mar chuid de chlár imeachtaí Féile na bhFlaitheartach ar líne.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le coiste na féile as gach tacaíocht a thug siad dúinn leis an seoladh seo. Cliceáil ar an nasc seo chun breathnú ar an bhfíseán agus éisteacht leis an óráid ón Dr Ó Ciosáin ar leathanach Facebook an Liam and Tom O'Flaherty Society. 

Éist leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ag léamh amach an scéil 'An tSeanbhean' ón gcnuasach

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn a léigh amach an scéal 'An tSeanbhean' ón gcnuasach. Is féidir aithris iontach Mháirín ar an scéal seo a chloisteáil ach cliceáil ar an nasc seo.


Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta
Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›
An Bhrachlainn Mhór: Scéalta
An Bhrachlainn Mhór: Scéalta

Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar...

Praghas: €15.00 Ceannaigh ›