CIC Logo

Léirmheas ar an albam 'Lán Mara' le Treasa Ní Mhiolláin ar The Living Tradition

Review of Treasa Ní Mhiolláin’s new album in The Living Tradition Magazine Tuesday, 30th July, 2019

Tá ardmholadh tugtha ag an léirmheastóir John Waltham don albam nua, Lán Marale Treasa Ní Mhiolláin ina léirmheas ar an albam a foilsíodh san eagrán reatha den iris The Living Tradition (Issue 130, August - November 2019). Ag scríobh dó sa léirmheas, deir Waltham go bhfuil fuinneamh is soiléire ag glór Threasa a chuireann scéal na n-amhrán i láthair go cumasach. 

"Her voice has a youthful energy and clarity in pronunciation that enables even a southern saxon to follow the story (and all the words appear in an excellent booklet, complete with a bit of background in both languages)." 

Tá 19 traic ar an CD dúbailte, Lán Maraa thugann léargas ar réimse amhránaíochta Threasa Ní Mhiolláin. Is é seo an dara albam aonair atá eisithe ag Treasa agus tá éagsúlacht sna hamhráin atá ar an albam a léiríonn gur amhránaí ildánach í Treasa a bhfuil omós aici ar an dtraidisiún amhránaíochta as ar fáisceadh í. 

 

 

 


LÁN MARA
LÁN MARA

Albam leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán, Árainn. Cloisfear ar an dlúthdhiosca dúbailte, Lán Mara, 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i...

Praghas: €17.99 Ceannaigh ›