CIC Logo

Portráidí 2020 agus Gradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge 2020

Scríbhneoirí nua fógartha ag Portráidí 2020 agus Buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta 2020 Thursday, 03rd October, 2019

D'fhógair Oireachtas na Gaeilge buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta 2020 ag ócáid i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an Mháirt, 2020. Ba mhaith linn comhgháirdeachas a dhéanamh leis na foilsitheoirí agus leis na scríbhneoirí a bhain gradaim amach agus le gach duine a bhain na gearrliostaí amach freisin. 

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra, foilsithe ag Leabhar Breac. Sé leabhar ar fad a bhí ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin in 2019.

Is iad na leabhair eile a bhí ar an ngearrliosta ná Lámh, Lámh Eile le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht) , Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí le Celia de Fréine (LeabharComhar), Tairngreacht le Proinsias Mac a'Bhaird (LeabharComhar), Titley le Máirtín Coilféir (LeabharComhar), Gráinne Gaiscíoch Gael (Cois Life). 

Gearrliosta Ghradam Réics Carló 

Bronnadh Gradam Réics Carló, duais do leabhar do dhaoine óga, ar an leabhar Boscadán (Cois Life) le Áine Ní Ghlinn. Bhí cúig leabhar ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló i mbliana, seo thíos liosta na leabhar eile a bhí ar an ngearrliosta. 

Spéirling le hOrna Ní Choileáin, foilsithe ag Cois Life.

Nóinín le Máire Zepf, foilsithe ag Cois Life.

Beag Bídeach le Sadhbh Devlin, foilsithe ag Futa Fata.

Percy Péacóg le Gemma Breathnach, foilsithe ag Futa Fata.

Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe

Bhí sé leabhar ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe, duais nua a fógraíodh i mbliana agus a bhronntar ar shaothar atá aistrithe go Gaeilge ó  theanga eile. Is 

Bertie Brocach: Bréantas le Alan MacDonald agus aistrithe go Gaeilge ag Marion Ní Shúilleabháin

K.O.S.T.K.A. le PPrzemyslaw Wysoglad SJ, atá aistrithe go Gaeilge ag Mark Ó Fionnáin agus foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta. 

File ar Fhile le Rimbaud, Anedda, Machado, Fried agus Chedid agus iad aistrithe go Gaeilge ag Liam Ó Muirthile, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus foilsithe ag Cois Life. 

Mo Theachín Gan Chuma Gan Chaoi le Julia Donaldson, aistrithe go Gaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus foilsithe ag Futa Fata. 

Asterix agus Troid na dTreabh le R. Goscinny & A. Uderzo, aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus foilsithe ag Dalen Éireann.

Charlie agus Monarcha na Seacláide le Roald Dahl, aistrithe go Gaeilge ag Niamh Ní Argáin agus foilsithe ag Leabhar Breac. 

Scríbhneoirí Portráidí 2020 fógartha 

Ba mhaith linn comhgháirdeachas a dhéanamh le Áine Durkin, Áine Uí Fhoghlú, Jackie Mac Donncha agus leis an gcúigear scríbhneoirí eile atá ainmnithe ag Portráidí le haghaidh an chéad chéim eile den tionscnamh, a bheidh á fhoilsiú i 2020. 

Fógraíodh ag ócáid i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, ar an Mháirt, 1 Deireadh Fómhair, go mbeidh ochtar scríbhneoirí nua á gcur leis an mbunachar scríbhneoirí atá le feiceáil ar an suíomh idirlín, Portráidí.ie. Foilseofar portráidí de Áine Durkin, Áine Uí Fhoghlú, Jackie Mac Donncha, Declan Collinge, Gary Hastings, Máirín Ní Dhonnchadha, Pádraigín Ní Uallacháin agus Seán Ó Coileáin faoi mhí na Nollag 2020. 

Déanann an tionscnamh leanúnach seo léiriú de bheoscríbhneoirí na Gaeilge. Tógann an tionscnamh ar an mbunchloch a leagadh leis an leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, leabhar maisiúil lán-daite ina bhfuil portráidí de 107 scríbhneoir i saol na Gaeilge a thóg an grianghrafadóir Máire Uí Mhaicín d'Fhoras na Gaeilge idir na blianta 2009 agus 2013. 

Cuirtear portráidí nua ar fáil go bliantúil tríd an gcartlann digiteach portraidi.ie. Cuireadh ocht bportráid leis an gcartlann sa bhliain 2017 agus 2018 agus ocht bportráid eile i mbliana.

Seoladh na portráidí nua le haghaidh 2019 ag an ócáid i dTeach an Ardmhéara agus is iad na scríbhneoirí a cuireadh leis an mbunachar i mbliana ná: Alex Hijmans, Réaltán Ní Leannáin, Catherine Foley, Derry O'Sullivan, Liam P. Ó Murchú, Máire Zepf, Pádraig Ó Baoighill, agus Úna Nic Enrí. Is iad na grianghrafadóirí a bhí páirteach sa togra in 2019 ná Seán Ó Mainnín, Máirín Seoighe agus Caoimhín Ó Peatáin. Is féidir na portráidí a fheiceáil ag an nasc seo.


An Tromdhámh
An Tromdhámh

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana 2019Athinsint atá sa leabhar seo ar an aoirscéal Tromdhámh Guaire ón 14ú haois. Is é ábhar an scéil ná cuairt a thug Seanchán...

Praghas: €16.00 Ceannaigh ›
Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›