CIC Logo

Seol beart leabhar ar phostas €2.95

Send a parcel of books anywhere in Ireland for €2.95 postage Tuesday, 05th May, 2020

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht ráta speisialta postais a chur ar fáil dár gcustaiméirí, a bhuíochas le tionscnamh atá curtha ar bun ag An Post chun tacú le siopaí leabhar neamhspleácha i rith ghéarchéim Covid-19.

Is féidir beart leabhar suas le 10kg meáchain a sheoladh chuig áit ar bith in Éirinn ar €2.95 go dtí 30 Meitheamh, 2020.

Tá an tsábhailt seo tugtha ar aghaidh ag Cló Iar-Chonnacht dár gcustaiméirí agus na rátaí postais laghdaithe ar ár siopa leabhar ar-líne ag http://www.cic.ie agus ar gach ordú a thagann isteach ar an bhfón nó ar r-phost.

Tabhair cuairt orainn ar-líne ag http://www.cic.ie chun do rogha leabhar a bhrabhsáil – agus, ar ndóigh, má tá aon cheist agat ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn. 

 

 


Fuadach
Fuadach

Cois LifeFuadaitheoirí i gclós na scoile.... Iníon an ambasadóra i mbaol ... Milliún euro sula scaoilfear saor í .... An féidir le bleachtairí óga na scoile teacht i gcabhair ar na...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
LabhairAmach.com
LabhairAmach.com

Age Group: 13 - 15 years of age. Cailín óg aonarach meánscoile í Ciara Ní Cholmáin a bhfuil an ghráin ag Sandra uirthi; tá Sandra ard agus dathúil le go leor cairde – agus...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›