CIC Logo

Seoladh úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile in An Ceathrú Póilí

Seoladh úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile in An Ceathrú Póilí Saturday, 16th November, 2019

Beidh an t-úrscéal nua Sa Teach Seo Anocht le Micheál Ó Conghaile á sheoladh in An Ceathrú Póilí ar an Satharn, 23 Samhain ag 4.00 i.n. Is é Fionntán de Brún a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil ag an ócáid. 

Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile é Sa Teach Seo Anocht a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh. 

ón leabhar...

Anocht m'oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar a bhfuillim i mo chónaí le mo bhean le deich mbliana anaus agus le mo mhac Shane lena leath sin. Máidin amárach fágfaidh mé an teach seo, mo bhean ... is mo mhac i mo dhiaidh. 

 

 


Sa Teach Seo Anocht
Sa Teach Seo Anocht

Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh.  Anocht m'oíche...

€10.00 Anois: €8.00 Ceannaigh ›
Sna Fir (Ríomhleabhar)
Sna Fir (Ríomhleabhar)

Veering from gloomy to hilarious and from keenly plotty to discursive, this novel is a scathing picture of homosexual life in Ireland. - RTÉ GuideÚrscéal cumhachtach láidir. Gabhann ionainn...

€9.84 Anois: €4.92 Ceannaigh ›