CIC Logo

SLIOCHT - scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile

SLIOCHT - scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile Thursday, 17th October, 2019

SLIOCHT - Scríbhneoirí agus Léitheoirí le Chéile

Oireachtas na Samhna, Dé Sathairn, 2 Samhain ag 4:00 i.n.

Svuít Newcastle, An tIonad Filíochta, Óstán Citywest 

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh an imeacht SLIOCHT ar bun arís againn ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Oireachtas na Gaeilge as áisitheoireacht a dhéanamh ar an ócáid agus leis na scríbhneoirí a bheidh linn i mbliana agus leis an lucht éisteachta a bhíonn linn gach bliain. 

Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag léamh óna saothar ag an ócáid ná Eithne Ní Ghallchobhair, Réaltán Ní Leannáin agus Alan Titley. 

Tabharfar cuireadh don lucht éisteachta páirt a ghlacadh sa gcomhrá i ndiaidh an léamha, tráth a mbeidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann leis na scríbhneoirí. Seolfar an t-úrscéal nua Sa Teach Seo Anocht le Micheál Ó Conghaile i rith na hócáide agus beidh taispeántas leabhar ó Chló Iar-Chonnacht ann chomh maith.  

 


Súil
Súil

In this collection of short stories, the author examines the challenges faced by the golden eagle as he tries to land on the mountains of Donegal, by the hedgehog as he ploughs along between the start...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›
Cití na gCártaí
Cití na gCártaí

Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›