CIC Logo

Siopa ar-líne Chló Iar-Chonnacht ar oscailt agus an siopa sa Spidéal dúnta faoi láthair

The Cló Iar-Chonnacht online shop is open, our shop in Spiddal is closed for now Thursday, 19th March, 2020

A Chairde,

Beatha agus sláinte chugaibh.

Mar gheall ar na treoirlínte atá eisithe ag an rialtas maidir le scoitheadh sóisialta, beidh siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal dúnta go ceann píosa.

Idir an dá linn, beidh muid ag leanúint ar aghaidh leis an siopa ar-líne ag www.cic.ie. Tá orduithe á bpróiseáil ón suíomh idirlín mar is gnáth agus tá muid san oifig ag 091 593307.

Beidh muid fós anseo freisin ar na meáin shóisialta.

Tá muid ar Facebook ag www.facebook.com/CloIarChonnacht, ar Twitter ag www.twitter.com/CloIarChonnacht agus ar Instagram @CloIarChonnacht.

Le gach beannacht,
Foireann Chló Iar-Chonnacht

 

Ar nós an tobar ghlé thrí chroí na leice, brúchtann an dóchas thrí chroí an duine


Cruinnscríobh na Gaeilge
Cruinnscríobh na Gaeilge

Gearrchúrsa praiticiúil i ngramadach agus i gcruinnscríobh na Gaeilge atá sa saothar seo. Tá sé dírithe go príomha ar an bhfochéimí Gaeilge agus táthar ag súil go mbainfidh lucht foghlama...

Praghas: €19.67 Ceannaigh ›
Sárú
Sárú

SÁRÚCluiche crua é slánú an domhain …  Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›