CIC Logo

Ríomhleabhar saor in aisce na seachtaine seo ná 'Sé an Saol an Máistir'

This week’s free ebook download is ‘Sé an Saol an Máistir’ Monday, 22nd June, 2020

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, tá muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie. Is é seo an tseachtain dheireanach den togra agus is é an leabhar atá ar fáil saor in aisce an tseachtain seo ná Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Ó Finneadha, in eagar ag Gearóid Denvir. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh ar fad as gach tacaíocht agus tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as na leabhair. 

Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar gach ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. ;

Beidh Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Ó Finneadha ar fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht mar ríomhleabhar ó 22 - 29 Meitheamh. 

Leanfaidh an sladmhargadh ar aghaidh ar gach ríomhleabhar eile go dtí 30 Meitheamh, 2020.


Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (Ríomhleabhar)
Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (Ríomhleabhar)

RÍOMHLEABHAR  Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar - tá an leabhar seo ar fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht ó 22 - 29 Meitheamh, 2020. Is táirge digiteach é seo....

€18.15 Anois: €12.10 Ceannaigh ›
Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha
Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha

AR GHEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHUILLEABHÁIN 2011Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir...

€25.00 Anois: €20.00 Ceannaigh ›