CIC Logo

Ríomhleabhar saor in aisce na seachtaine seo ná 'Sobalsaol' le Pádraig Standún

This week’s free ebook download is ‘Sobalsaol’ by Pádraig Standún Friday, 05th June, 2020

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, tá muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie.

Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar gach ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. ;

Is é an ríomhleabhar atá ar fáil saor in aisce an tseachtain seo ón Luan 8 go dtí an Luan 15 Meitheamh, 2020 ná Sobalsaol le Pádraig Standún. 

 

SOBALSAOL 

Úrscéal taitneamhach, léiriú ar bheatha dhaonna, go mórmhór trína phríomhcharachtar Mártan. Ní féidir an saol a bharraíocht, ciorcal nó fáinne atá ann, gan tús gan deireadh. Tá tréithe éagsúla sonracha sa scéal seo, idir ghrá, éad, fhuath, fhearg agus díoltas. Fágtar an príomhcharachtar i muinín a phinn agus an tsobail, agus ar deireadh thiar a chuirtear abhaile orainn go bhfuil an saol i bhfad níos réalaíche ná an sobal.
- Tom Sailí Ó Flatharta
(Cóilín – Ros na Rún)

Tá pósadh Mhártain Mhic Chormaic tite as a chéile, tá éiginnteacht ann maidir lena phost agus ní athair rómhaith é dá mhac. Is geall le sobal a shaol. Ach ní ródhona an rud é sin, mar go mbíonn sé ábalta tarraingt ar a shobalsaol go rialta agus é i mbun pinn mar scriptscríbhneoir don sobal Béal an Chuain. Ní leasc leis imeachtaí a shaol a úsáid go rialta ina chuid oibre, rud a chuireann fearg ar go leor. Is charachtar daonna atá i Mártan, rud a threoraíonn isteach i gcroí an léitheora é. Tá cáil ar Standún as feabhas na cainte agus inchreidteacht na gcarachtar ina chuid scéalta, agus ní thaise do Sobalsaol é. Carachtair bheo bheathacha atá cruthaithe aige anseo, le caint líofa bheoga acu, agus eachtraí réalaíocha, a mheallann an léitheoir díriú go dlúth isteach ar shaol tubaisteach Mhártain Mhic Chormaic!

Scíthléitheoireacht taitneamhach ó Standún.


Sobalsaol
Sobalsaol

Úrscéal taitneamhach, léiriú ar bheatha dhaonna, go mórmhór trína phríomhcharachtar Mártan. Ní féidir an saol a bharraíocht, ciorcal nó fáinne atá ann, gan tús gan deireadh. Tá...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›
Sobalsaol (Ríomhleabhar)
Sobalsaol (Ríomhleabhar)

RÍOMHLEABHAR  Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar Tá an leagan ríomhleabhair den leabhar seo ar fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht ó 8 - 15 Meitheamh, 2020.Sladmhargadh ar...

€9.08 Anois: €7.26 Ceannaigh ›