CIC Logo

Dhá leabhar nua sa tsraith Bertie Brocach ar fáil

Two new books in the Bertie Brocach series available now Thursday, 12th September, 2019

Tá an leaidín beag lofa ar ais arís! Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dar casadh riamh ort. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil dhá leabhar nua ón tsraith Bertie Brocach ar fáil i nGaeilge anois agus iad aistrithe go Gaeilge ag Gormfhlaith Ní Thuairisg. Tá na leabhair Bertie Brocach: Smeais! agus Bertie Brocach: Brúcht! foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus feiliúnach do léitheoirí atá idir ocht agus deich mbliana d'aois. 

Is iad seo an ceathrú agus an cúigiú leabhar ón tsraith 'Bertie Brocach' atá foilsithe i nGaeilge ag Cló Iar-Chonnacht. Foilsíodh trí leabhar ón tsraith in 2018 agus iad aistrithe go Gaeilge ag Marion Ní Shúilleabháin. 


Bertie Brocach: Brúcht!
Bertie Brocach: Brúcht!

Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh sé alltacht ort. Cuirfidh sé déistean ort. Cuirfidh sé fonn múisce ort, b'fhéidir....

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Bertie Brocach: Smeais!
Bertie Brocach: Smeais!

Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh sé alltacht ort. Cuirfidh sé déistean ort. Cuirfidh sé fonn múisce ort, b'fhéidir....

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›