Tá Cath Fionntrá ar cheann de scéalta móra na Fiannaíochta. Cur síos ar choimhlint ghaisciúil idir Dháire Donn, Rí an Domhain agus na Fianna atá ann. San athinsint seo, tá leagan i mBéarla agus i nGaeilge scríofa ag Aogán Ó Muircheartaigh, é maisithe ag Dómhnal Ó Bric agus foilsithe ag An Sagart.