CIC Logo

Ceardlann Scríbhneoireachta i gcomhar le Ollscoil na Banríona Béal Feirste

Writing Workshop in association with Queen’s University Belfast Tuesday, 17th November, 2020

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dáta: Dé Sathairn, 5 Nollaig 2020, 10.00rn

Ionad: Ar líne trí Zoom

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag .(JavaScript must be enabled to view this email address) roimh an 26 Samhain 2020.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo.

Tuilleadh eolais:

Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile

Cló Iar-Chonnacht

An Spidéal

Co. na Gaillimhe

Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  

Ríomhphost: .(JavaScript must be enabled to view this email address)

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon 


Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa Naoú hAois Déag
Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa Naoú hAois Déag

Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa Naoú hAois DéagÉigse Loch Lao 1Imleabhar 1'GAN TUISLE GAN TEIP': GNÉITHE DE SHAOTHRÚ NA LITRÍOCHTA SA NAOÚ HAOIS DÉAGDiarmuid Ó...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›
Sa Teach Seo Anocht
Sa Teach Seo Anocht

Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh.  Anocht m'oíche...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›