CIC Logo

Ceardlanna scríbhneoireachta bunaithe ar an dinnseanchas

Writing workshops on the subject of topography Thursday, 15th April, 2021

Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, dhá cheardlann a eagrú  trí Zoom do scríbhneoirí Gaeilge i rith mhí na Bealtaine, 2021. An téama a bheidh ag na ceardlanna ná 'Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas'.

Stiúrthóirí na gCeardlann:

Máire Uí Dhufaigh agus Micheál Ó Conghaile

Ceardlann 1: Filíocht, 10 Bealtaine 2021, 19.00–21.00
Ceardlann 2: Prós, 17 Bealtaine 2021, 19.00–21.00

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste –  gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig .(JavaScript must be enabled to view this email address) ROIMH an 5 Bealtaine 2021.

  • Beidh spás do sheisear ar gach ceardlann.
  • Is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar an dá cheardlann.
  • Beidh fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí atá ag tosú.
  • Níl aon táille le n-íoc as freastal ar na ceardlanna seo.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag na ceardlanna.

 

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile

Cló Iar-Chonnacht

An Spidéal

Co. na Gaillimhe

Ríomhphost: .(JavaScript must be enabled to view this email address)  

Guthán: (091) 593307

www.cic.ie  

 

Tá na ceardlanna seo á n-eagrú le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta


Raic
Raic

Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh  Séamas Jim,...

Praghas: €9.00 Ceannaigh ›
Sa Teach Seo Anocht
Sa Teach Seo Anocht

Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh.  Anocht m'oíche...

Praghas: €10.00 Ceannaigh ›