CIC Logo

Sliocht as Tromluí (Closleabhar)

By Áine Ní Ghlinn

Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b'fhéidir?

Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh. Gan aige ach brionglóidí aisteacha agus iardhearcaí scanrúla, tá sé ag iarraidh míreanna mearaí a shaoil a chur le chéile arís. Gan de chúnamh aige ach Sinéad - cailín nach bhfuil aon chuimhne aige uirthi ach a deir go bhfuil sí in aon rang leis ar scoil. Tá a fhios ag Sinéad cé hé, ach maidir leis na ceisteanna eile níl na freagraí aici siúd ach oiread leis féin.

Praghas: