CIC Logo

Sliocht as Hurlamaboc (Closleabhar)

By Éilís Ní Dhuibhne

Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath - Ruán, Emma agus Colm. Comharsana ar comhaois, iad ar fad ag ullmhú don Ardteist, ach éagsúil ó thaobh cúlra, aicme agus pearsantachta. Cuireann timpiste gach rud bunoscionn. Cuireann siad aithne níos fearr ar a chéile agus i ndiaidh an hurlamaboc go léir, tá fás agus forbairt tagtha orthu.

Aithneoidh gach déagóir Ruán, Emma agus Colm. Bainfidh siad pléisiúr as a bheith ina dteannta ina gcuid eachtraí fáis. Tugtar léargas géar sa leabhar ar an seoinínteacht agus ar na réamhchlaonta atá i réim in Éirinn inniu. Úrscéal greannmhar, soléite, spreagúil a mbainfidh an uile léitheoir idir óg agus aibí, sult as.

Praghas: