CIC Logo

Ag Caint Linn Fhéin (Ríomhleabhar / eBook)

By Cló Iar-Chonnacht, Joe Steve Ó Neachtain

Tagairt: 9781909367   

Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar 'Ag Caint Linn Fhéin' 

Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie ón 13ú Aibreán, 2020, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim.

Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar os cionn 50 ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. Fógróidh muid an leabhar atá in aisce gach seachtain ar an mblag atá ar an suíomh seo. Cliceáil anseo le dul go dtí an blag, áit a mbeidh fógra gach seachtain leis an leabhar atá ar fáil in aisce an tseachtain sin. 

Ag Caint Linn Fhéin

Mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne ar Joe Steve Ó Neachtain agus tá aithne ag an saol Fódlach air as a chuid úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus drámaí. Sa gcnuasach seo, áfach – léachtaí, óráidí agus píosaí cainte a thug sé le breis agus fiche bliain anuas – tugann sé aghaidh ar chuid de na hábhair is ansa leis, agus is mó atá ag cur imní air, sa nGaeltacht agus in Éirinn fré chéile. 


Ina measc, tá a chúlra fhéin agus a óige i gCois Fharraige, staid na Gaeltachta sa lá atá inniu ann, an fhorbairt pobail, a chuid scríbhneoireachta agus, sméar mhullaigh an leabhair, aiste faoi Mháirtín Ó Cadhain. Caint a tharraingíonn caint, a deir siad, agus fág ag Joe Steve é le muid a chur ag caint eadrainn fhéin, fúinn fhéin agus linn fhéin.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Treoir: Conas r-leabhair a íoslódáil ó Chló IarChonnacht lch 2

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €8.00 Praghas Anois: €6.15